Jackie Mac Donncha

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaJackie Mac Donncha
Beathaisnéis
Breith1946
77/78 bliana d'aois
Cill Chiaráin, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga dhúchaisan Ghaeilge
Gníomhaíocht
Gairmscríbhneoir Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge

Scríbhneoir Éireannach is ea Jackie Mac Donncha. Rugadh i gCill Chiaráin i gConamara é sa bhliain 1946. Tá Gaeilge aige ó dhúchas. Ba as Cill Chiaráin do mháthair Jackie agus ba as an gceantar céanna dá athair.

Sa bhliain 1990 a chuaigh sé i mbun na scríbhneoireachta den chéad uair le linn dó a bheith ag baile. Mar chaitheamh aimsire a tharraing sé an scríbhneoireacht chuige i dtús ama. Níorbh fhada gur léir go raibh bua ar leith aige, áfach. D’fhoilsigh Cló Iar-Chonnachta cnuasach filíochta dar teideal Gaineamh Séidte sa bhliain 2003. Chuir an Dochtúir Gearóid Denvir, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, síos air mar "fhile fuinte, forbartha, lánfhileata". Bhain gearrscéal de chuid Mhic Dhonncha amach an phríomhdhuais sa chomórtas "Nuascéalaíocht" a d’eagraigh an páipéar Foinse. Tá sé i measc na scéalta a d'fhoilsigh Cló Iar-Chonnachta sa leabhar Nuascéalaíocht. 'Aileach' (2010), novella, CIC, Bróga Johnny Thomáis (2012), cnuasach gearrscéalta, CIC. Bhain an leabhar gearrscéalta an phríomhdhuais i gcomórtas litríochta Chló Iar-Chonnacht 2012. D'fhoilsigh Cló Iar-Chonnacht an leabhar An Mianadóir sa bhliain 2015.

Ghnóthaigh an cartún Cúilín Dualach atá bunaithe ar ghearrscéal dá chuid, gradam I.F.T.A. amach sa bhliain 2005. Bhain sé gradam ag Féilte náisiúnta san Iodáil agus sa Spáinn, agus gradam ag an bhFéile Scannán Ceilteach sa Bhreatain Bheag sa bhliain 2006. Cartoon Saloon a rinne an bheochan, agus léiríodh i gcomhar le Sonta é. Bhí TG4 agus Bord Scannán na hÉireann ina n-urraitheoirí air, faoin scéim "Oscailt", de chuid TG4.

Tagairtí [cuir in eagar | athraigh foinse]