Iustinianus I

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Iustinianus I
Mosaic of Justinianus I - Basilica San Vitale (Ravenna).jpg
Seanadóir de chuid na Sean-Róimhe


Impire Biosántach

Aibreán 1, 527 - Samhain 14, 565
Justin I (en) Aistrigh - Justin II (en) Aistrigh
Saol
Ainm iomlánFlavius Petrus Sabbatius Justinianus
Eolas breitheTauresium (en) Aistrigh, 11 Bealtaine 482, 11 Bealtaine 483
NáisiúntachtImpireacht Bhiosántach
BásCathair Chonstaintín, 14 Samhain 565
Áit adhlacthaChurch of the Holy Apostles (en) Aistrigh
Cathair Chonstaintín
Muintir
Athairluach anaithnid, Justin I
MáthairVigilantia
Céile/CéilíTheodora (en) Aistrigh
Páistí
liosta iomláin
Siblíní
liosta iomláin
TreibhJustinian dynasty (en) Aistrigh
Oideachas
TeangachaAn Laidin
Gairm
Gairmreachtóir, polaiteoir, impire agus scríbhneoir
Féile
14 Samhain
Cleamhnú
ReiligiúinCríostaíocht Oirthearach
An Chríostaíocht Chalcadónach
An Chríostaíocht

Impire Rómhánach an Oirthear ab ea Iustinianus I (Laidin: Flavius Petrus Sabbatius Iustinianus; Gréigis: Ἰουστινιανός Ioustinianos), ar a dtugtaí Iustinianus Mór freisin, an tImpire Biosántach ó 527 go 565.

Bhí stair ar leith bainteach le réimeas an Impire sé sin an iarracht uaillmhianach (ach nach raibh curtha i gcrích go hiomlán) an 'Impireacht a athbhunú' [1](Laidin: renovatio imperii). Léiríodh an uaillmhian seo nuair a tháinig téarnamh páirteach ar chríocha Impireacht na Róimhe Thiar (Laidin: Imperium Romanum Occidentale), a bhí imithe as feidhm.[2] Chuir a ghinearál, Belisarius, Ríocht Vandalach san Afraic Thuaidh faoi smacht go tapa. Ina dhiaidh sin, chuir Belisarius, Narses, agus ginearáil eile an ríocht Oirghotach faoi smacht, ag athbhunú an Dalmáit, an tSicil, an Iodáil, agus an Róimh don Impireacht tar éis níos mó ná leathchéad bliain d'fhorlámhas na nOirghotach. D'athghabháil Liberius an maor praetóireach (Laidin: praefectus praetorio) deisceart leithinis na hIbéire, ag bunú Provincia Spaniae (Gaeilge: Cúige na Spáinne). D'athbhunaigh na feachtais seo smacht na Róimhe ar iarthar na Meánmhara, rud a mhéadaigh ioncam bliantúil na hImpireachta faoi bhreis agus milliún solidus.[3] Le linn a réime, chuir Iustinianus na Tzani faoi chois freisin, pobal ar chósta thoir na Mara Duibhe nach raibh riamh roimhe seo faoi smacht na Róimhe. Chuaigh sé i ngleic leis an Impireacht Shasánach san oirthear, le linn réimeas Cabad I, agus níos déanaí arís le linn Cosro I; cuireadh tús leis an dara coimhlint seo go páirteach mar gheall ar a uaillmhianta san iarthar.

Gné ba shuntasaí fós dá oidhreacht ná athscríobh aonfhoirmeach an dlí Rómhánach, an Corpus Juris Civilis, atá fós mar bhunús leis an dlí sibhialta i go leor stát sa lá atá inniu ann.[4] Chomh maith leis sin, tháinig borradh faoin gcultúr Biosántach le linn dó bheith i réim, agus bhí oibreacha ar nós an Hagia Sophia mar thoradh ar a chlár tógála. Tugtar "Naomh Iustinianus an tImpire" air san Eaglais Cheartchreidmheach Thoir..[5] Mar gheall ar a ghníomhaíochtaí athchóirithe, thugtaí an "Rómhánach Deireanach" uaireanta ar Iustinianus i staireagrafaíocht lár an 20ú haois.[6]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. J. F. Haldon, Byzantium in the seventh century (Cambridge, 2003), 17–19.
  2. On the western Roman Empire, see now H. Börm, Westrom (Stuttgart 2013).
  3. FINANCES UNDER JUSTINIAN: http://www.tulane.edu/~august/H303/handouts/Finances.htm Curtha i gcartlann 2008-03-09 ar an Wayback Machine
  4. John Henry Merryman and Rogelio Pérez-Perdomo, The Civil Law Tradition: An Introduction to the Legal Systems of Europe and Latin America, 3rd ed. (Stanford: Stanford University Press, 2007), pp. 9–11.
  5. "St. Justinian the Emperor" (en).
  6. For instance by George Philip Baker (Justinian, New York 1938), or in the Outline of Great Books series (Justinian the Great).