Iora glas
Iora glas | |||||||||||||||
---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
![]() Sciurus carolinensis
| |||||||||||||||
Aicmiú eolaíoch | |||||||||||||||
| |||||||||||||||
| |||||||||||||||
|
Is ainmhí beag é an t-iora glas. Is mó é ná an t-iora rua agus dath glas nó donnghlas a bhíonn air i gcónaí[1]. Is minic frainse geal ar a eireaball. Ní bhíonn stothanna ar a dhá chluas.
Crainn a thaithíonn sé agus is i gcrann a dhéanann sé a nead. Caitheann an tIora Glas cuid dá am ag ithe ar an talamh, mar shampla cnónna, dearcáin, meas fáibhile; plandaí glasa, fungais agus fréamhacha.
Bíonn an t-iora glas le fáil I bpáirceanna poiblí, i ngairdíní agus i gcoillte duillsilteacha.
In Éirinn[cuir in eagar | athraigh foinse]
Is Mamach atá ann a tháinig ó thuaisceart Mheiriceá ó thús. Tugadh isteach go Sasana an t-iora glas mar ainmhí spéis i Henbury Park, Cheshire sa bhliain 1876. Tugadh roinnt acu go Contae Longfort ina dhiaidh sin.
Tháinig borradh damanta ar a ndaonra i Sasana agus in Éirinn agus go minic ba iad na hioraí rua dúchasacha a bhí thíos leis.
Ní bhíonn an t-iora glas le fáil ar mhór-roinn na hEorpa ar chor ar bith.
vs an t-Iora Rua[cuir in eagar | athraigh foinse]
Is lú an t-iora rua ná an t-iora glas agus is éagsúil a dhath: donnrua domhain go hiondúil. Ghlac an t-iora glas ionad an iora rua go hannamh in Éirinn. Rinne an t-iora glas loit ar dhaonra na n-ioraí rua mar gheall :
- Is féidir leis an iora glas dearcáin a ithe, ní féidir leis an iora rua.
- Iompraíonn na hioraí glasa víreas ("Squirrel poxvirus" as Béarla). Cé nach ndéanann sé dochar don iora glas déanann sé dochar don iora rua nuair a mheascann siad leo.
- Nuair a bhíonn an t-iora rua faoi bhrú, ní bheirtear an líon céanna clainne dó.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.