Ionsaithe antraisc (SAM, 2001)
Cineál | ionsaí sceimhlitheoireachta |
---|---|
Tréimhse | 18 Meán Fómhair - 9 Deireadh Fómhair 2001 |
Dáta na bliana | 9 Deireadh Fómhair 2001 |
Suíomh | Washington, D.C. Nua-Eabhrac, New York West Palm Beach, Florida |
Tír | Stáit Aontaithe Mheiriceá |
Rannpháirtí | |
Sprioc | Seanad Stáit Aontaithe Mheiriceá agus news media (en) |
Is cúis le | Patriot Act (en) |
Líon básanna | 5 |
Líon gortaithe | 17 |
Tharla ionsaithe antraisc sna Stáit Aontaithe i rith an fhómhair 2001. Ar 18 Meán Fómhair 2001, seachtain amháin i ndiaidh na n-ionsaithe 9/11, seoladh litreacha amach ina raibh antrasc ann, agus an teachtaireacht, "DEATH TO AMERICA, DEATH TO ISRAEL, ALLAH IS GREAT", srl.
Na litreacha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Seoladh litreacha le antrasc i mí Meán Fómhair agus ar an 5 agus 9 Deireadh Fómhair. Ar 21 Deireadh Fómhair 2001, bhásaigh an tríú duine sna Stáit Aontaithe de bharr na litreacha. Fuair cúigear bás in iomlán le linn na tréimhse seo (beirt Seanadóirí san áireamh) agus thit i bhfad níos mó tinn. Níos déanaí, bhí litreacha bréige eile seolta ach ní raibh aon dochar iontu. Ach mhúscail siad imní i measc an phobail, agus taom sceimhle fiú.
Iarmhairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tamall i ndiaidh 9/11, chuir scéala an antraisc scanradh ar go leor daoine sna Stáit Aontaithe ag an am. Bhí Meiriceá dulta i dtaithí ar dhrochscéalta - an 11 Meán Fómhair, na hionsaithe antraisc, caint faoi ionsaithe eile sceimhlitheoireachta, agus caint faoi chogadh thar lear (san Afganastáin agus san Iaráic).[1] Chuir na meáin go mór leis an sceon lena dtuairisceoireacht éigrinn. Ba neamartach an mhaise dóibh scéalta a scaipeadh gan tabhairt le fios nach raibh iontu ach ráflaí.[2]
Mar sin bhíothas scanraithe mar gheall ar na litreacha tamall maith fada. Le linn an ama seo, rinne an tUachtarán Bush an cinneadh chun ionradh a dhéanamh ar an Afganastáin.
Eolaí ar mire
[cuir in eagar | athraigh foinse]Eolaí san United States Army Medical Research Institute of Infectious Diseases (USAMRIID), Fort Detrick, Maryland, a bhí freagrach as na hionsaithe, is cosúil. Bruce Ivins[3] an t-ainm a bhí air agus bhí meabhairghalar air, is cosúil. Bhí an cás á fhiosrú fós sa bhliain 2008 nuair a chuir Ivins lámh ina bhás féin.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Tom Deignan (2002). "Muintir Mheiriceá ag bogadh ar aghaidh" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2021-10-21.
- ↑ Barra Ó Donnabháin (2001). "D'imigh sin is tháinig seo" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2021-10-21.
- ↑ "Bruce Edwards Ivins" (as en) (2021-10-16). Wikipedia.