Ionsaí haiceála ar ríomhchoráis FSS agus na Roinne Sláinte (2021)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtIonsaí haiceála ar ríomhchoráis FSS agus na Roinne Sláinte
Íomhá
Cineálcyberattack (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na bliana14 Bealtaine 2021 Cuir in eagar ar Wikidata
TírÉire Cuir in eagar ar Wikidata


Rinneadh ionsaí haiceála ar ríomhchoráis Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus na Roinne Sláinte idir 30 Aibreán - 13 Bealtaine 2021, an ionsaí haiceála ríomhaireachta is measa riamh a rinneadh sa stát. Thug an FSS faoi deara ar an 13 Bealtaine go cúrasaí ag dul amú.[1][2]

bogearraí éirice - sampla (Golden Eye sa cháß seo)

Thruailligh bogearra éirice an córas ríomhaireachta; 'D'ainneoin an méid infheistíochta a bhí déanta ag an HSE len é a chosaint ar na hionsaithe seo, táimid fós ag foghlaim' a dúirt Paul Reid, Príomhfheidhmeannach FSS.[3]

Bhí an bhuíon coirpeach Wizard Spider freagrach as an ionsaí, ar cheann de na buíonta coirpeach is cumasaí i gcúrsaí teicneolaíochta ar domhan.[4] Bhí na bradaithe bunaithe i gCathair Pheadair - agus sa cheantar máguaird - sa Rúis. Bhain Wizard Spider úsáid as bogearraí éirice "Conti", bogearraí atá le fáil ar cíos ó 2019.[1]

Iarmhairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Dhún an FSS síos a chóras le nach ndéanfaí tuilleadh dochair nuair a tuigeadh dó gur thruailligh bogearra éirice é. Cuireadh as go mór do sheirbhísí sláinte ar fud na tíre mar gheall ar an bhfoghail.[5] Bhí tionchar mór ar chumas na heagraíochta trí chéile an cúram cuí a chur ar fáil d'othair.[6] Cuireadh ar ceal formhór na gcoinní a bhí ag othair.[7]

Bhí sonraí bainteach le hothair faighte ag an lucht haiceála.

Richard Corbridge, CIO FSS - comhdháil sa bhliain 2017ː "e-Health in the digital society"

Cosnódh sé na deicheanna milliún euro leis an damáiste a chur ina cheart.[8]

Costas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí éileamh ar airgead fuascailte i mBitcoin déanta ag na foghlaithe.[9] An aidhm a bhí Wizard Spider ná sonraí FSS a chriptiú agus a chur faoi ghlas agus ansin iarracht a dhéanamh airgead fuascailte a bhaint den Stát chun é a fháil ar ais

Bhí lucht cibearshlándála náisiúnta (agus an Biúró Cibearchoireachta an Gharda Síochána) ag plé leis an gceist sin sna laethanta i ndiaidh na n-ionsaithe. Chuaigh na gardaí i gcomhairle le póilíní Europol agus Interpol. Chuaigh an HSE ag obair i gcomhar leis an Ionad Náisiúnta Cibearshlándála, agus le saineolaithe eile féachaint leis an scéal a réiteach.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 "Irish health system fights off one ransomware attack, succumbs to another" (en-US). Verdict (2021-05-17). Dáta rochtana: 2021-05-20.
  2. thug FSS faoi deara i rith na hoíche ar 13 Bealtaine go raibh ionsaí déanta ar chuid dá córais le bogearraí éirice. (14 Bealtaine 2021). "Éileamh déanta ag cibearchoirpigh ar airgead fuascailte ón Stát" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-05-20.
  3. Nuacht RTÉ (2021-05-15). "Príomhfheidhmeannach an HSE fós aineolas i dtaca le sonraí" (as ga). 
  4. Nuacht RTÉ (2021-05-18). ""Ríomhfhoghlaithe Wizard Spider freagrach as cibirionsaí"" (as ga). 
  5. Nuacht RTÉ (2021-05-15). "Impleachtaí na n-ionsaithe haiceála fós á meas ag an HSE" (as ga). 
  6. Nuacht RTÉ (2021-05-18). ""Dúshláin mar gheall ar chibirionsaí le dul i méid" - Colm Henry" (as ga). 
  7. Nuacht RTÉ (2021-05-14). "Ríomhchóras Fheidhmeannacht na Seirbíse Sláinte dúnta go fóill" (as ga). 
  8. Nuacht RTÉ (2021-05-17). "Cibirionsaí: "coir thromchúiseach in aghaidh daoine breoite"" (as ga). 
  9. Nuacht RTÉ (2021-05-16). "Córais ríomhaireachta na Roinne Sláinte buailte freisin" (as ga).