Jump to content

Bitcoin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí AirgeadBitcoin
Críocha infheidhme
an tSalvadóir (7 Meán Fómhair 2021 - )
Poblacht na hAfraice Láir (26 Aibreán 2022 - ) Cuir in eagar ar Wikidata
Tréithe
Carachtar Unicode₿
Giorrúchán nó siombail₿
Banc ceannaisluach ar iarraidh
Ráta malairte
103,331.32 dollair na Stát Aontaithe (15 Nollaig 2024) Cuir in eagar ar Wikidata
Croineolaíocht

3 Eanáir 2009- 

Criptea-airgeadra agus córas íocaíochta ar líne is ea Bitcoin (siombail: ₿ giorrúchán: BTC).[1] Tá bitcoin ar an gcriptea-airgeadraí is mó aithne ar domhan.

Tá bitcoin bunaithe ar phrionsabal an gheilleagair saoriomaíochta, agus cruthaíodh é in 2009 nuair a d'fhoilsigh scríbhneoir anaithnid páipéar bán faoin teicneolaíocht, faoin ainm bréige Satoshi Nakamoto.

Oibríonn bitcoin trí líonrú ríomhairí, ina bhfeidhmíonn gach ríomhaire mar nód i líonra idir piaraí. Coinníonn gach nód cóip neamhspleách de mhórthaifead idirbhearta, ar a dtugtar blocshlabhra, nach ndéantar aon maoirseacht lárnach air. Déantar idirbhearta a fhíorú leis an gcripteagrafaíocht, rud a chiallaíonn nach féidir le duine bitcoin duine eile a chaitheamh gan sonraí íogair áirithe a bheith aige.

Déanann na nóid an t-eolas ar an mblocshabhra a dheimhniú trí phróiseas fíorúchain ar a dtugtar mianadóireacht. Tá an próiseas cripteagrafaíochta sin thar a bheith dian ó thaobh na ríomhaireachta de, agus bíonn sé an-dian ar leictreachas.

Foilsíodh an coincheap den chéad uair i bpáipéar bán, foilsithe ag duine anaithnid faoin ainm bréige Satoshi Nakamoto sa bhliain 2008[2]. Cuireadh an teicneolaíocht ar fáil go poiblí mar bhogearra foinse oscailte an bhliain ina dhiaidh sin.

Is féidir bitcoin a úsáid go hanaithnid, rud a chiallaíonn go mbíonn sé in úsáid i ngníomhaíocht choiriúil agus chun earraí a bhfuil toirmeasc orthu a cheannach. Tá rialathóirí airgeadais ag díriú ar an méid sin le blianta beaga anuas, agus tá cosc iomlán ar bitcoin i dtíortha áirithe.

Cuirtear na híocaíochtaí i gcrích gan aon stór lárnach agus gan aon mhaoirseacht lárnach, agus thug Státchiste na Stát Aontaithe "airgeadra fíorúil díláraithe" ar bitcoin. Is minic a thagraítear do bitcoin ar na meáin dó mar chriptea-airgeadra nó airgeadra digiteach.

Is féidir do bhille a íoc le bitcoin sa chaifé seo i nDelft, san Ísiltír.

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. ↑ Seaghan Mac An tSionnaigh (2021-06-24). "'Casfar rotha Bitcoin in athuair'" (en-US). Dáta rochtana: 2023-03-15.
  2. ↑ Níl a fhios an fíorainm é Satoshi Nakamoto nó más duine amháin nó breis is duine amháin atá i gceist.