Jump to content

Ionfúsóirí

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoIonfúsóirí
Infusoria Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
RíochtProtozoa
AicmeInfusoria Cuir in eagar ar Wikidata

Cnuastéarma is ea ionfúsóirí[1][2] d'ainmhithe beaga bídeacha uisceacha amhail fabhránaigh, Euglenoidea, prótasóin, algaí aoncheallacha agus inveirteabraigh bheaga a bhíonn beo i locháin fionnuisce. Bhain roinnt údar (m.sh., Bütschli) úsáid as an téarma mar chomhchiallach d'fhabhránaigh. In aicmiú bitheolaíochta an lae inniu, meastar go bhfuil an téarma imithe i léig; cuirtear na miocrorgánaigh a bhí sna hionfúsóirí roimhe seo sa ríocht Protista den chuid is mó. Tá sé molta ag taighdeoirí go méadaíonn agus go laghdaíonn rátaí atáirgthe na n-ionfúsóirí go tréimhsiúil thar thréimhsí ama.[3]

Úsáid in Uisceadáin

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Baineann úinéirí uisceadán úsáid as ionfúsóirí chun bia éisc a shaothrú; is féidir éisc óga atá tar éis a theacht amach a thógáil agus a thabhairt chun dea-chrích ar an mbia seo le linn na forbartha luaithe de bharr a mhéid agus a ábhar cothaithe. Ní féidir le go leor daoine a bhfuil uisceadán sa bhaile acu go leor ionfúsóirí a sholáthar go nádúrtha chun iasc a thógáil, agus mar sin cruthaíonn agus cothaíonn siad a gcuid cultúr féin.

  1. Niall Ó Dónaill, eag.: “Foclóir Gaeilge-Béarla (Ó Dónaill): ionfúsóir” (ga). Teanglann.ie. An Gúm (1977). Dáta rochtana: 2024-06-22.
  2. Tomás de Bhaldraithe, eag.: “English-Irish Dictionary (de Bhaldraithe): infusorian” (ga). Teanglann.ie. An Gúm (1959). Dáta rochtana: 2024-06-22.
  3. Woodruff (1911-11-20). "Rhythms in the reproductive activity of Infusoria" (as en). Journal of Experimental Zoology 11 (4): 339–359. doi:10.1002/jez.1400110402. ISSN 1097-010X. 
  • Ratcliff, Marc J. (2009). Teacht Chun Cinn an Chóraisíocht na Infusoria. I: An Cuardach don Dofheicthe: Micreascópacht san Eagnaíocht . Aldershot: Ashgate, [1] .

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]