Ionchúiseamh Donald Trump i Nua-Eabhrac
Lipéad sa teanga dhúchais | (en) The People of the State of New York v. Donald J. Trump | |||
---|---|---|---|---|
Cineál | indictment (en) cás coiriúil | |||
Cuid de | March 2023 Donald Trump arrest rumors (en) agus indictments against Donald Trump (en) | |||
Dáta foilsithe | 4 Aibreán 2023 | |||
Príomhábhar | Stormy Daniels–Donald Trump scandal (en) Toghchán Uachtaránachta na Stát Aontaithe, 2016 | |||
Tír | Stáit Aontaithe Mheiriceá | |||
Baint le limistéar údaráis | New York Supreme Court (en) | |||
Donald Trump | ||||
Alvin Bragg | ||||
Stormy Daniels | ||||
Rannpháirtí | ||||
Teanga an tsaothair nó an ainm | Béarla | |||
Cosantóir | ||||
Cúirt | New York Supreme Court (en) | |||
Breitheamh | Juan Merchan (en) | |||
Haischlib | #TrumpIndictment, #LockHimUp agus #TrumpForPrison |
Thosaigh Cúiseamh Donald Trump i Nua-Eabhrac, an cás The People of the State of New York v. Donald J. Trump, i Nua Eabhrac ar an 15 Aibreán 2024, an chéad triail choiriúil riamh d'iar-uachtarán na Stát Aontaithe. Bhí Donald Trump os comhair na cúirte ar dhíotálacha feileonacha, gur fhalsaigh sé taifid ghnó chun airgead tosta, a deirtear gur íoc sé don striapach Stormy Daniels, a fholú, díreach roimh an toghchán uachtaránachta in 2016.
Bhí na líomhaintí uilig[1] séanta ag Trump[2] agus bhain Trump leas as scéal a dhíotála chun a lucht tacaíochta a ghríosú.[3]
Cúlra
[cuir in eagar | athraigh foinse]I mí na Márta 2023, vótáil Ard-Ghiúiré i Nua Eabhrac ar son Trump a dhíotáil mar chuid d’fhiosrúchán fada a rinne Oifig Ionchúisitheoir Dúiche Manhattan.
I mí Aibreáin 2023 i gcúirt in Manhattan, thóg méarlorg Trump agus pictiúr dá aghaidh mar a dhéantar le gach cosantóir i gcás coiriúil.[3] Phléadáil Donald Trump neamhchiontach. Nuair a tháinig deireadh leis an díotchúiseamh, scaoileadh saor Trump le filleadh ar Florida.
Níor chuir na cúisimh aon chosc ar Trump a bheith mar iarrthóir d’ainmniúchán an Pháirtí Phoblachtánaigh ná a bheith ina Uachtarán arís ar na Stáit Aontaithe.
Triail
[cuir in eagar | athraigh foinse]Thosaigh na himeachtaí cúirte i Manhattan i mí na Márta 2024 agus tháinig an giúiré ar chinneadh ar an 30 Bealtaine 2024.[4]
Rinneadh íocaíochtaí le linn toghchán uachtaránachta 2016 – íocaíochtaí le "Stormy Daniels", aisteoir i scannáin phornagrafaíochta, striapach agus mainicín Playboy. Rinne dlíodóir Trump, Michael Cohen,[5] an íocaíocht le Daniels sna laethanta roimh thoghchán uachtaránachta 2016, ionas nach sceithfeadh sí an scéal faoin gcaidreamh a deir sise a bhí aici le Trump. Ach bhain na cúiseanna go sonrach le taifid ghnó bhréige a chur le chéile le hintinn calaois a dhéanamh agus coireanna eile a cheilt.
Phléadáil Donald Trump neamhchiontach i gcúirt in Manhattan i ngach ceann de 34 cúis a cuireadh ina leith[6] maidir lena bhaint le cás inar íocadh airgead ionas nach sceithfí eolas faoi.[7]
Dúirt ionchúisitheoir dúiche Manhattan, Alvin Bragg. gur inis Trump bréaga “arís is arís eile” chun coireanna a bhain le toghchán uachtaránachta 2016 a cheilt. “Sháraigh an tseift seo dlí toghchánaíochta Nua-Eabhrac, a deir gur coir atá ann dul i mbun comhcheilge chun iarrthóir a chur chun cinn go mídhleathach,” a dúirt Bragg.
De réir fhianaise Michael Cohen, d’íoc seisean an t-airgead le Stormy Daniels, agus bheartaigh an bheirt fhear plean faoina d’íocfadh Donald Trump an t-airgead ar ais leis i ranníocaíochtaí. D’aontaigh siad go gcruthóidís bréagshonraisc ina mbeadh sé tugtha le fios gur cúiteamh as obair dhlíthiúil a bhí sna ranníocaíochtaí, ach cur i gcéill a bhí ann.[8]
Le linn na trialach, dúirt dlíodóirí ar son Trump nach bhféadfaí Cohen a chreidiúint; gur coirpeach ciontaithe a bhí ann.
Dúirt Trump nach raibh aon rud mícheart déanta aige agus gurb amhlaidh go raibh géarleanúint á déanamh air ar mhaithe le cur as don toghchán.[3] Ag an am céanna, bhí Trump ag baint leas as na cásanna cúirte ar fad atá ina aghaidh le bolscaireacht a chruthú dó féin. Bhí suim na meán in imeachtaí na gcásanna éagsúla ag cur leis an méid poiblíochta a bhí á fháil aige.
Bhí sé deacair giúiré a roghnú - próiseas a thóg tamall mar d'admháil roinnt mhaith iarrthóirí don ghiúiré nach raibh siad neamhchlaonta. Bhí ar Trump freastal ar an gcúirt gach lá a bhí an cás ar siúl.
Thug an breitheamh ordú do Trump gan a bheith ag déanamh trácht ar an gcás ar na meáin shóisialta.[2] Tamaill níos déanaí, in iarracht teacht timpeall ar an ordú, rinne Trump tagairt d’iníon Juan Merchan,[9] an breitheamh, ar na meáin shóisialta, chomh maith le cúpla ionsaí eile a dhéanamh ar obair na cúirte.[10]
Fíorasc ciontachta
[cuir in eagar | athraigh foinse]Chaith an giúiré dhá lá i mbun machnaimh. Faoi dheireadh, ar an 30 Bealtaine 2024, cúisíodh Trump sna cúiseanna ar fad a cuireadh ina leith.[11] Sa deireadh, chinn an giúiré go raibh go leor fianaise ann, seachas ráitis Michael Cohen, chun Trump a chiontú.[8][6]
Bhí sé ráite ag dlíodóir Trump, Todd Blanche, go bhfuil Trump le hachomharc a dhéanamh. Ach gearrfar píonós ar Trump i mí Iúil. "Chomh luath is a bheith sé sin curtha i gcrích, cuirfimid tús leis an achomharc", a dúirt Blanche.[8]
Iarmhairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]In ainneoin go bhfuil Trump ciontaithe i 34 cúis, níl aon bhac air seasamh sa toghchán uachtaránachta ar an 5 Samhain 2024.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Ionchúiseamh Donald Trump in Georgia
- Ionchúiseamh Feidearálach in aghaidh Donald Trump (eolas rúnda slándála)
- Ionchúiseamh Feidearálach in aghaidh Donald Trump (toghchán 2020)
- Toghchán Uachtaránachta na Stát Aontaithe 2024
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ manhattanda.org (2023-2024). "Téacs: díotáil (pdf)". Dáta rochtana: 2024.
- ↑ 2.0 2.1 Conradh na Gaeilge, Londain (20 Aibreán 2024). "Nuacht Mhall: (Maigh Eo)" (ga-IE). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2024-04-24.
- ↑ 3.0 3.1 3.2 "Cúiseanna coiriúla á gcur i leith Donald Trump mar gheall ar íocaíocht le Stormy Daniels" (ga-IE). Tuairisc.ie (2023-03-31). Dáta rochtana: 2024-05-31.
- ↑ A. B. C. News. "Timeline: Manhattan DA's Stormy Daniels hush money case against Donald Trump" (en). ABC News. Dáta rochtana: 2024-05-31.
- ↑ "Michael Cohen (lawyer)" (as en) (2024-05-31). Wikipedia.
- ↑ 6.0 6.1 "Watch Donald Trump speak outside courtroom after his guilty verdict | CNN Politics" (as en) (2024-05-30).
- ↑ "Pléadáilte neamhchiontach ag Donald Trump i 34 cúis choiriúil" (ga-IE). Tuairisc.ie (2023-04-04). Dáta rochtana: 2024-05-31.
- ↑ 8.0 8.1 8.2 Nuacht RTÉ (2024-05-31). "Trump: achomharc le déanamh "chomh luath agus is féidir"" (as ga-IE).
- ↑ "Who is Juan Merchan, the 'no-nonsense' judge overseeing Trump's hush-money case?" (en-GB) (2023-04-04). Dáta rochtana: 2024-05-31.
- ↑ Máirín Ní Ghadhra (23 Aibreán 2024). "Is binn béal ina thost comhairle Merchan do Trump" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-04-24.
- ↑ Dan Mangan (2024-05-30). "Trump guilty on all 34 counts in hush money trial, historic first for a former U.S. president" (en). CNBC. Dáta rochtana: 2024-05-31.