Ionchairdíteas

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Ionfhabhtú agus athlasadh líneáil chuas an chroí, comhlaí an chroí go háirithe. Coilíníonn baictéir atá ag imshruthú sa bhfuil na comhlaí, iolraíonn siad ansin, agus spreagann an próiseas athlasta. Éiríonn na comhlaí athlasta níos raimhre is míchumtha, agus ní féidir leo dúnadh is oscailt i gceart. Cailltear sruthú normálta na fola ón gcroí. Léiríonn duine fiabhras, tuirse, is giorra anála mar shiomtóim. Léiríonn éisteachas fuaimeanna mínormálta monabhar croí mar thoradh ar an sruthú suaite trí na comhlaí. Más trom an t-ionfhabhtú, tarlóidh cliseadh croí. Is gá othar a chóireáil le frithbheathaigh chun an t-ionfhabhtú a chloí, agus má bhíonn dámáiste buan déanta do na comhlaí is féidir gur gá comhlaí saorga a ionphlandú.