Institiúid Teangeolaíochta Éireann
Sonraí | |
---|---|
Cineál | eagraíocht |
Stair | |
Dáta a bunaíodh | 27 Deireadh Fómhair 1972 |
Dáta díscaoilte, díothaithe nó scartáilte | 9 Eanáir 2004 |
Rialachas corparáideach | |
Ceanncheathrú | |
Ionad taighde ar chúrsaí teangeolaíochta in Éirinn ab ea Institiúid Teangeolaíochta Éireann. Bunaíodh in 1972 é, agus chuireadh sé seirbhísí taighde agus comhairleoireachta ar fáil d'eagraíochtaí a bhí ag dul i ngleic le ceisteanna teanga. Phléadh an Institiúid go háirithe leis na teangacha a bhí á múineadh sna scoileanna: an Ghaeilge, an Béarla, an Fhraincis, an Ghearmáinis, an Iodáilis, agus an Spáinnis, agus bhí freagracht speisialta uirthi i leith na Gaeilge.[1]
Bhí an Institiúid lonnaithe ag 31 Plás Mhic Liam i mBaile Átha Cliath, agus bhí thart ar 30 duine ar an bhfoireann sna 1990idí. Tháinig maoiniú na hInstitiúide ón gCrannchur Náisiúnta.[1]
D'fhoilsítí dhá iris acadúil faoi scáth na hInstitiúide, An Múinteoir Teanga agus Language, Culture agus Curriculum.[1]
Dúnadh in 2004 í.[2]
Rogha foilseachán
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Ó Baoill, Dónall P. (1996), An Teanga Bheo: Gaeilge Uladh, Baile Átha Cliath: Institiúid Teangeolaíochta Éireann, ISBN 0-946452-85-7.
- Ó Buachalla, Breandán (2003). An Teanga Bheo: Gaeilge Chléire. Baile Átha Cliath: Institiúid Teangeolaíochta Éireann. ISBN 0-946452-98-9. Baile Átha Cliath: Institiúid Teangeolaíochta Éireann.
- Ó Murchú, Séamus (1998). An Teanga Bheo: Gaeilge Chonamara.
- Ó Sé, Diarmuid (2000). Gaeilge Chorca Dhuibhne. Tuarascáil Taighde. Iml. 26. Baile Átha Cliath: Institiúid Teangeolaíochta Éireann. ISBN 0-946452-97-0.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ 1.0 1.1 1.2 "Eolas ginearálta". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2004-08-04. Dáta rochtana: 2024-11-10.
- ↑ "Institiúid Teangeolaíochta Éireann. Dáil Éireann Debate, Thursday - 8 July 2004" (2004-07-08). Dáta rochtana: 2024-11-10.