Inneall traenach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Inneall traenach

Feithicil a sholáthraíonn an chumhacht tiomána chun trucailí is carráistí a tharraingt ar iarnród. Is féidir gur inneall gaile, inneall dócháin inmheánaigh, mótar leictreach, nó comhcheangal éigin de na foinsí cumhachta seo a bheidh ann. Más inneall gaile é, gintear an ghal i gcoire san inneall, agus dóitear gual (de ghnáth) sa choire. Más mótar leictreach é, faightear an chumhacht ó ráille ar leith nó sreanga lastuas trí phantagraf. Is inneall díosail an t-inneall dócháin inmheánaigh is coitinne a úsáidtear mar inneall traenach, agus tiomáintear an traein go díreach leis trí ghiaranna nó ar mhodh díosail is leictreach: tiomáineann an t-inneall díosail gineadóir, agus tiomáineann an chumhacht leictreach uaidh seo mótar leictreach leis an traein a thiomáint. Thóg Richard Trevithick an chéad inneall traenach i 1801, agus baineadh feidhm as sin is innill cháiliúla eile (mar shampla, Puffing Billy is Locomotion) chun gual a tharraingt ó na mianaigh. Níor iompraíodh paisinéirí gur bhuaigh George Stephenson is a mhac Robert ag trialacha Rainhill i 1829 agus a bhunaigh an chéad seirbhís traenach do phaisinéirí. Tógadh an chéad inneall traenach sna Stáit Aontaithe i 1831, an Best Friend of Charlestown, agus faoi lár an chéid sin bhí na hinnill gaile traenach forbartha an oiread is a bheadh ina dhiaidh sin. Bhíodh na rothaí tosaigh beag, agus chasadh siad ar sclóin chun gurbh féidir leis an inneall dul isteach ar uillinn san iarnród. Bhíodh na príomhrothaí tiomána cúpláilte le chéile, tiomáinte go díreach ag an inneall gaile. Sa 20ú céad díláithríodh an t-inneall gaile de réir a chéile ag saghsanna eile, bíodh is go bhfuil an-chuid innill gaile in úsáid fós sa tSín is an Afraic Theas. Tá modhanna eile tiomána á bhforbairt is á dtástáil an t-am ar fad, mar shampla, an traein ardaithe a thiomáintear le leictreamaighnéadas atá in úsáid ar bhonn teoranta i Shang-hai na Síne.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Inneall traenach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 370.