Iarracht Ronald Reagan a fheallmharú

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtIarracht Ronald Reagan a fheallmharú
Colláis
Íomhá
Map
 38°54′58″N 77°02′43″W / 38.9161°N 77.0454°W / 38.9161; -77.0454
Cineálassassination attempt (en) Aistrigh
dúnmharú Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na bliana30 Márta 1981 Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhWashington Hilton, SAM (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata, Washington, D.C. Cuir in eagar ar Wikidata
TírStáit Aontaithe Mheiriceá Cuir in eagar ar Wikidata
Rannpháirtí
SpriocRonald W. Reagan Cuir in eagar ar Wikidata
Líon básanna1 James Brady (4 Lúnasa 2014) Cuir in eagar ar Wikidata
Líon gortaithe3 Tim McCarthy, Thomas Delahanty, Ronald W. Reagan Cuir in eagar ar Wikidata
Déantóir na coireJohn Hinckley Cuir in eagar ar Wikidata
ArmRöhm RG-14 (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Meán cumarsáide


Ar 30 Márta 1981, rinneadh iarracht feallmharaithe ar Uachtarán na Stát Aontaithe, Ronald Reagan i Washington DC Chaith fear óg darbh ainm Joseph Hinckley, an t Uachtarán i neasraon. Bhí Hinckley as a mheabhair glan. Tháinig Reagan chuige féin ar fad cúpla seachtain níos déanaí.

Lámhachadh Reagan cúpla second níos déanaí

Imeachtaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chuaigh an piléar isteach faoi ascaill an Uachtaráin, i bhfoisceacht orlach dá chroí. Ní raibh a fhios ag an Uachtarán Reagan go raibh sé féin chomh gar don bhás agus a bhí. Tugadh é chuig Ospidéal Cuimhneacháin George Washington i Washington D.C. “I hope you are all Republicans,” a dúirt an tUachtarán leis an máinlia. Mar a tharla sé, ba Dhaonlathach a bhí san bPríomh-Mháinlia, Joseph Giordano; “Mr President, we are all Republicans now,” a d’fhreagair seisean.[1]

B’éigean do Giordano agus a fhoireann a dhul i mbun oibre agus iarracht a thabhairt faoi chóir leighis de léim. Cuireadh Ronald Reagan chun suain le haghaidh obráid throm. Ón bpointe sin ar aghaidh ba é George W. Bush, an Leas-Uachtarán san am sin, a bhí i bhfeighil na hUachtaránachta. Thug lucht leighis suntas don téagar a bhí ina ghuaillí agus an cruas a bhí ina cholainn nuair a bhaineadar de a chuid éadaigh – “chomh maith le fear a bheadh 30,” a dúirt dochtúir amháin. Bhí Reagan 71 san am.[1]

Mar a tharla sé, tháinig Ronald Reagan tríd.

An lámhachóir[cuir in eagar | athraigh foinse]

Neamhord siabhráin (síocóis pharanóideach) a bhí ar an ionsaitheoir, Joseph Hinckley. Bhí sé i ngrá leis an aisteoir, Jodie Foster. Ligeadh Hinckley saor ar 10 Meán Fómhair 2016.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 Máirtín Ó Catháin (22 Lúnasa 2023). "Dianscrúdú á dhéanamh ar Kamala Harris, bíodh sé cóir nó ná bíodh" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-08-22.