Iarmhairt Zeeman

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Grianghraf a ghlac Zeeman de scoilteadh na línte sóidiam i réimse maighnéadach

Scoilteadh speictreamlínte adaimh atá ag astú solais i réimse maighnéadach. D'fhionn an fisicí Ollannach Pieter Zeeman (1865-1943) an feiniméan i 1897 i Leyden na hOllainne. Braitheann sí ar imoibriú na leictreon i bhfithiseáin sheachtracha an adaimh leis an réimse. Thug sí léargas ar nádúr candamach an leictreoin, chabhraigh le tuiscint ar struchtúr an adaimh a chur chun cinn, agus thug tacaíocht do choincheap ghuairne an leictreoin.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Iarmhairt Zeeman". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 710.