Iarmhairt Hall

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Sraonadh iompróirí luchta i seoltóir nuair a fheidhmíonn réimse seachtrach maighnéadach orthu. Má bhíonn an réimse maighnéadach ingearach le treo na n-iompróirí, sraontar iad sa 3ú treo, atá ingearach leis an réimse maighnéadach agus treo na n-iompróirí luchta. Gintear difríocht poitéinsil ina voltaí sa 3ú treo seo. Is féidir an iarmhairt a úsáid chun lucht is polaraíocht na n-iompróirí luchta i seoltóirí is leathsheoltóirí a dhéanamh amach. Baintear feidhm aisti sa ghnáth-theilifíseán chun an léas leictreon a shraonadh agus an íomhá a scanadh ar an scáileán. D'fhionn Edwin Hall (1855-1938), fisicí ó na Stáit Aontaithe, an feiniméan i 1879.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Iarmhairt Hall". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 339.