Humphrey Bogart

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Humphrey Bogart
Humphrey Bogart 1945.JPG
Saol
Ainm iomlánHumphrey DeForest Bogart
Eolas breitheNua-Eabhrac, 25 Nollaig 1899
NáisiúntachtStáit Aontaithe Mheiriceá
Teanga dhúchaisBéarla Meiriceánach
BásLos Angeles, 14 Eanáir 1957
Áit adhlacthaForest Lawn Memorial Park
Cúis bháisbás nádúrtha (ailse éasafagach)
Muintir
AthairDr. Belmont DeForest Bogart
MáthairMaud Humphrey
Céile/CéilíHelen Menken  (Bealtaine 20, 1926 -  Samhain 18, 1927)
Mary Philips  (Aibreán 3, 1928 -  1938)
Mayo Methot  (Lúnasa 21, 1938 -  Bealtaine 10, 1945)
Lauren Bacall  (1945 -  Eanáir 14, 1957)
Páistí
liosta iomláin
Oideachas
Alma materPhillips Academy (en) Aistrigh
Teangachaan Béarla
Gairm
Gairmaisteoir saincharachtair, scríbhneoir scripte scannáin, aisteoir stáitse, aisteoir scannáin agus aisteoir
Airde173 cm
FostóiríWarner Bros.
Duaiseanna
Ainmníodh é/í le haghaidh
Duais an Acadaimh don aisteoir is fearr
(Feabhra 6, 1944) : [[Casablanca (en) ]]
Duais an Acadaimh don aisteoir is fearr
(Feabhra 11, 1952) : [[The African Queen (en) ]]
Duais an Acadaimh don aisteoir is fearr
(Feabhra 12, 1955) : [[The Caine Mutiny (en) ]]
Gluaiseacht ealaínescéalta buachaillí bó
film noir (en) Aistrigh
Seirbhís mhíleata
Brainse míleataCabhlach na Stát Aontaithe
Throid sé/sí agAn Chéad Chogadh Domhanda
Cleamhnú
Páirtithe polaitíochtaPáirtí Daonlathach
IMDbnm0000007
humphreybogart.com
Discogs ID1146856
Humphrey Bogart signature.svg
The Petrified Forest, 1936

Ba aisteoir Meiriceánach é Humphrey DeForest Bogart (25 Nollaig 189914 Eanáir 1957)

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tar éis dó triail a bhaint as postanna éagsúla, thosaigh Bogart ar an aisteoireacht sa bhliain 1921, i léirithe de chuid Broadway sna 1920í agus 1930í.

An chéad scannán a raibh sé ann, is ar éirigh go maith leis, ná The Petrified Forest (1936), scannán inar ghlac sé ról an Duke Mantee. Bhí seo ina thús de thréimhse inar ghlac sé róil a raibh an-chosúlacht eatarthu, i scannáin faoi dhrongadóirí. Ina measc seo bhí Angels with Dirty Faces (1938) agus B-scannáin ar nós The Return of Doctor X (1939). Tháinig dul chun cinn mór dó i 1941, leis an scannán High Sierra (1941) agus The Maltese Falcon (1941).

Casablanca[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar an 26 Samhain 1942, léiríodh Casablanca den chéad uair ag an Hollywood Theatre, i Nua-Eabhrac. Bhí Bogart i mbarr a réime sa ról a bhí aige mar Rick Blaine. Bhí an scannán suite ag tús an Dara Cogadh Domhanda, i gCasablanca, Maracó. Deirtear go bhfuil an scannán seo ar cheann dena scannáin is clúití a tháinig amach as Hollywood ariamh[1]. Is minic a bhaintear úsáid as línte cáiliúla an scannáin fiú sa lá atá inniu ann. 

Tháinig scannáin rathúla eile sna sála, ina measc To Have and Have Not (1944), The Big Sleep (1946), Dark Passage (1947), agus Key Largo (1948), lena bhean chéile Lauren Bacall; The Treasure of the Sierra Madre (1948); The African Queen (1951), inar bhuaigh sé an t-aon Duais de chuid an Acadaimh a bronnadh air; Sabrina (1954), agus The Caine Mutiny (1954).

An scannán deireanach a rinne sé ann ná The Harder They Fall (1956).

Dark Passage, 1947

Bás agus Oidhreacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhásaigh sé de bharr ailse i 1957. Ghlac sé páirt i 75 ghné-scannán ina ghairme ar feadh tríocha bliain. Is mórphearsa chultúir é go dtí an lá atá inniu ann:

  • Ainmníodh é mar an príomhlaoch scannán a bhí ann riamh ag an iris Entertainment Weekly i 1997.
  • Sa bhliain 1999, bhí sé rangaithe mar an Réalta Fireann ba Mhó Riamh ag an American Film Institute.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]