Hormón aidréineacortacach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Peiptíd a tháltar i maothán tosaigh na faireoige piotútaí is ea hormón aidréineacortacach (ACTH). Tugtar cortacatróifín air freisin. Fuasclaítear é mar fhreagairt ar strus fisiciúil, mothúchánach nó ceimiceach trí fhachtóir scaoilte a dhéantar sa hipeatalamas. Spreagann sé tál is fuascailt glúcacortacóidí ag an gcoirtéis aidréineach.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Hormón aidréineacortacach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 353.