Glúcacortacóidí

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Hormóin stéaróideacha a shintéisítear sa choirtéis aidréineach i veirteabraigh agus a tháltar amach aisti. Ról tábhachtach acu i meitibileacht carbaihiodráití agus cosaint na colainne i gcoinne struis. Sa duine, cuimsíonn siad cortasól (hidreacortasón), cortacaistéarón, agus cortasón. Baintear úsáid astu i dteiripí athsholáthar hormón (mar shampla, i gcás galar Addison, ina dtarlaíonn uireasa glúcacortacóidí) agus chun cosc a chur ar neamhoird athlasta is ailléirgeacha.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Glúcacortacóidí". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 324.