Histéire

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Sa ghnáthchaint, téarma dímheasúil ar iompar gáifeach. Sa tsíceolaíocht, is téarma é ar ghalar néaróiseach nó siomptóm ina bhfuil léiriú nó dífheidhmiú fisiciúil gan cúis orgánach inaimsithe. Úsáidtear an téarma freisin ar ghrúpa staideanna comhfheasa athraithe (mar shampla, cás inar féidir d'othar dul ar fán go tobann ón rud a bhí ar siúl aige agus aimnéise air ina leith ina dhiaidh). Sa tsícanailís, úsáidtear an téarma do phatrún sícphaiteolaíoch ina mbíonn an brú faoi mar phríomh-mheicníocht cosanta.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Histéire". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 349.