Jump to content

Hew Lorimer

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaHew Lorimer
Beathaisnéis
Breith22 Bealtaine 1907
Dún Éideann, Scotland Cuir in eagar ar Wikidata
Bás1 Meán Fómhair 1993
86 bliana d'aois
Cill Rìmhinn, Scotland Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste Mhaigdiléana, Oxford
Coláiste Ealaíne Dhún Éideann
Scoil Loretto Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmdealbhóir Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas
Na gairdíní ag Caisleán Uí Cheallaigh

Dealbhóir Albanach ab ea Hew Martin Lorimer (22 Bealtaine 1907 – 1 Meán Fómhair 1993). I nDún Éideann, in Albain, a rugadh é. Ailtire a bhí ina athair, Sir Robert Lorimer.

Oileadh Hew ag an Loretto School in Musselburgh agus ansin ag Coláiste Magdalen, Ollscoil Oxford. D'imigh sé ó Oxford, áfach, gan chéim, chun staidéar a chur ar an dearadh agus an dealbhóireacht ag Edinburgh College of Art. Tar éis a chéim a bhaint amach ón scoil úd, rinne sé printíseacht le Eric Gill, dealbhóir agus saor cloiche.

Dealbhóir ailtireachta a bhí in Hew Lorimer. Chuir sé spéis mhór freisin i gcúrsaí creidimh. Ar a mhórshaothair, áirítear na figiúirí ar aghaidh Leabharlann Náisiúnta na hAlban (1950–1955) agus Bana Thighearna nan Eilean (1957–1958), dealbh mhór den Mhaighdean Mhuire agus a leanbh ar Uibhist a Deas. Chónaigh Lorimer i gCaisleán Uí Cheallaigh, i bhFoibhe, áit a cheannaigh sé sa bhliain 1948 agus a bhí ina sheilbh go dtí 1970. Tá an caisleán agus na gairdíní timpeall air caomhnaithe anois mar iarsmalann ina léirítear saothar Hew agus Robert Lorimer.