Hetaira

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Léiríonn an phictiúr Jean-Léon Gérôme Phryne Revealed Before the Areopagus an hetaira Phryne ar a thriail. Chuir radharc a colainne nocht, de réir na finscéal, ina luí ar na giúróirí í a éigiontú.

B'í hetaira /hɪˈtaɪrə/ (iolra hetairai (/hɪˈtaɪraɪ/), chomh maith hetaera /hɪˈtɪrə/ (iolra hetaerae /hɪˈtɪriː/), (An tSean-Ghréigis: ἑταίρα "compánach", iolra ἑταῖραι, Laidin: hetaera, iolra: hetaerae) cineál striapachais sa tSean-Ghréig.

Go traidisiúnta, rinne staraithe na Sean-Ghréig dealú idir hetairai agus pornai, aicme eile de striapach sa Ghréig ársa. I gcodarsnacht le pornai, a chuir gnéas ar fáil do go leor chliaint i drúthlann nó ar an tsráid, measadh nach raibh ach cúpla fear mar chliaint ag hetairai ag aon áirithe, go raibh caidreamh fadtéarmach acu leo, agus gur chuir siad comhluadar ar fáil agus comhrá intleachtúil chomh maith le gnéas.[1] Mar shampla, scríobh Charles Seltman i 1953 gur “cinnte go raibh hetairai in aicme an-difriúil, go minic mná léanntaí”.

Níos déanaí, áfach, cheistigh staraithe a mhéid dealú a bhí ann idir hetairai agus pornai. Abair an dara heagrán den Oxford Classical Dictionary, mar shampla, gur sofhriotal é hetaira d’aon striapachas. Tacaigh Konstantinos Kapparis leis an dtuairim seo, a le samhail cáiliúil de Apollodorus le rannán trípháirteach de na cineálacha mná san óráid In Aghaidh Neaera ("Tá cúirtéiseánigh pléisiúir againn, mná leapa mar cothabháil laethúil an choirp, agus mná chéile d’fhonn leanaí dlisteanach a bheireann agus chun caomhnóir iontaofa a bhíonn againn ar an méid a bhfuil sa bhaile."). Rangaíonn Apollodorus gach striapachas le chéile, faoin téarma hetairai.

Mhol Rebecca Futo Kennedy tríú teoiric. Tugann sí nár “striapacha nó fiú cúirtéiseánaigh” iad na hetairai. Ina ionad sin, áitíonn sí, ba mhná don scothaicme iad hetairai... a ghlac páirt i gcultúr siompóisiamaí agus só", díreach mar a úsáideadh hetairoi – foirm firinscneach an fhocail – chun tagairt a dhéanamh do ghrúpaí d’fhir don scothaicme ag siompóisiamaí.

Fiú nuair aontaíonn scoláirí gur téarma d’aicme shonrach striapachais é "hetaira", ní aontaíonn siad faoi ceard é an difríocht beacht. Cuireann Kurke i bhfáth go cheil na hetairai go raibh siad ag díol gnéis trí theanga sofhriotalach faoi mhalartaithe bronntanas, cé go ndearna pornai earra as an gnéas go soiléir.[2] Éilíonn sí go bhféadfadh a bheith ina sclábhaithe nó saor iad hetairai agus pornai freisin, agus go bhféadfadh iad obair as do stuaim féin, nó faoi máistir striapach. Deir Kapparis gur striapacha ardaicme iad hetairai, agus creideann sí go raibh nádúr fadtéarmach ag na chaidrimh a bhíonn ag hetairai le fir.

Ní aontaíonn Miner le Kurke, ag maíomh go raibh hetairai saor i gcónaí, ní sclábhaithe.[3]

Taispeánann an phéintéireacht seo, ar an taobh istigh de kylix (saghas cupán), hetaira ag imirt kottabos, cluiche óil a imríodh ag siompóisiamaí inar phreab na rannpháirtithe dreigíní a gcuid fíona ag sprioc.

Chomh maith le seirbhísí gnéis, is cosúil go raibh hetairai léannta go minic, neamhchosúil le pornai, agus gur chuir siad comhluadar ar fáil.

De réir Kurke, bhí an coincheap na hetairai ina toradh an tsiompóisiam, áit a ceadaíodh hetairai mar chompánaigh a bhí ar fáil go gnéasach de na fir-pháirtí.[4]

Dar le an Deipnosophistai Athenaeus, sholáthair hetairai "chomhrá moltach oilte": rud a fheictear, mar áiteanna eile sa litríocht chlasaiceach, mar chuid shuntasach de ról an hetaira.[5] Go háirithe, ba iad "dea-chaint" agus "galántacht" (αστεία) na tréithe a rinne an dhealú idir hetairai agus pornai.[6] Is dóigh go bhfuair hetairai oideachas ceoil freisin.

D’fhéadfadh hetairai saor a bheith an-saibhir, agus a gcuid airgeadais féin a rialú. Mar sin féin, d’fhéadfadh a ngairmeacha beatha a bheith gearr, agus mura dtuilleann siad a ndóthain chun tacú leo féin, b’fhéidir go mbeadh iallach orthu dul i muinín obair i drúthlann, nó a bheith ag obair faoi mháistrí striapach, d’fhonn ioncam leanúnach a chinntiú agus iad ag dul in aois.[7]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Kurke (1997). "Inventing the "Hetaira": Sex, Politics, and Discursive Conflict in Archaic Greece". Classical Antiquity 16 (1): 107–108. 
  2. Kurke (1997). "Inventing the "Hetaira": Sex, Politics, and Discursive Conflict in Archaic Greece". Classical Antiquity 16 (1). 
  3. Miner (2003). "Courtesan, Concubine, Whore: Apollodorus' Deliberate Use of Terms for Prostitutes". The American Journal of Philology 124 (1). 
  4. Kurke (1997). "Inventing the "Hetaira": Sex, Politics, and Discursive Conflict in Archaic Greece". Classical Antiquity 16 (1). 
  5. McClure (2003). "Subversive Laughter: The Sayings of Courtesans in Book 13 of Athenaeus' Deipnosophistae". The American Journal of Philology 124 (2). 
  6. McClure (2003). "Subversive Laughter: The Sayings of Courtesans in Book 13 of Athenaeus' Deipnosophistae". The American Journal of Philology 124 (2). 
  7. Kapparis, Konstantinos A. (1999). "Apollodoros 'Against Neaira' [D.59]". 

Tuilleadh léitheoireachta[cuir in eagar | athraigh foinse]