Henriette Pressburg
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 20 Meán Fómhair 1788 Nijmegen, An Ísiltír |
Bás | 30 Samhain 1863 75 bliana d'aois Trier |
Gníomhaíocht | |
Gairm | bean tí |
Teangacha | An Ollainnis |
Teaghlach | |
Céile | Heinrich Marx (1814–1838) |
Páiste | Louise Juta, Mauritz David Marx, Emilie Conradi, Karl Marx |
Athair | Isaac Heijmans Presburg agus Nanette Salomons Cohen |
Ba í Henriette Pressburg (20 Meán Fómhair 1788 - 30 Samhain 1863) nó Henriette Marx (níos déanaí ar phósadh), máthair an fhealsaimh chumannaigh agus an eacnamaí Karl Marx .
Saol
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rugadh Henriette Pressburg ar 20 Meán Fómhair 1788 i Nijmegen san Ísiltír. Ba í an dara duine den chúigear leanaí í do hIsaac Heymans Pressburg (1747-1832) agus Nanette Salomons Cohen (1754-1833). Teaghlach rathúil ab ea na Pressburg, le hIsaac ag obair mar cheannaí teicstíle. Ba bhaill shuntasacha iad de phobal Giúdach Nijmegen a bhí ag fás, ina gcónaí den chéad uair i Nonnenstraat ansin, nuair a bhí Henriette 19, i nGrotestraat. Ba é Isaac cantóir na sionagóige i Nonnenstraat áit a raibh a athair, Hirschl (nó Chaim) Pressburg, mar raibí. Bhí raibithe sa teaghlach le céad bliain ar a laghad.
Phós Henriette Pressburg Hirschel (Heinrich ina dhiaidh sin) Marx (1777-1838) an 22 Samhain 1814 i Sionagóg Nijmegen, fuair sí spré d'fhiche míle gildear. Bhog an lánúin go baile dúchais Heinrich, Trier i Dúiche na Réine, a bhí ansin mar chuid de Ríocht na Prúise, áit ar oibrigh Heinrich go rathúil mar dhlíodóir. Anseo bhí naonúr clainne acu, ceathrar mac agus cúigear iníonacha, beirt mhac ag fáil bháis agus iad ina leanaí. Rugadh Karl, an tríú leanbh acu, ar 5 Bealtaine 1818. In 1819 bhog an teaghlach go dtí áitreabh deich seomra os comhair gheata ársa Porta Nigra na Róimhe, áit a raibh Henriette ina cónaí lena teaghlach ar feadh na 23 bliana amach roimpi. Thart ar 1817 d’athraigh fear céile Henriette a ainm ó Hirschel go Heinrich agus baisteadh é san Eaglais Liútarach, agus baisteadh a leanaí i mí Lúnasa 1824. Baisteadh Henriette i mí na Samhna 1825. Mar thoradh ar na hiompaithe seo briseadh iomlán le teaghlach Heinrich - ba é rabbi Trier a athair - cé gur lean Henriette de dhlúth-theagmháil lena teaghlach san Ísiltír, rugadh a ceathrú leanbh Hermann le linn cuairte ar ais ar Nijmegen i mí Lúnasa 1819.
Tholg Heinrich an eitinn agus fuair sé bás i mBealtaine 1838, nuair a bhí seisear dá leanaí fós ina gcónaí sa bhaile ag Henriette. Cé go raibh sí saibhir go leor mar gheall ar a hoidhreacht, bhí an teaghlach ina gcónaí go coigilteach.
Caidreamh le Karl Marx
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ba é Karl an tríú leanbh agus an dara mac le Heinrich agus Henriette Marx. Tar éis dó a chuid staidéir a chríochnú sa Giomnáisiam i dTrier i 1835 ag seacht mbliana déag d’aois, chláraigh Karl in Ollscoil Bonn, sular bhog sé go hOllscoil Bheirlín. Bhí imní ar Henriette maidir lena stíl mhaireachtála as baile, lena bhallraíocht sa chumann óil áitiúil i mBonn san áireamh. Ghéaraigh sláinte a leanaí eile imní Henriette. Le linn do Karl a bheith san Ollscoil, fuair a mac Eduard, 11 bliana d’aois, bás den eitinn, Karl ag taispeáint comharthaí den chineál céanna. Chuir a litreacha rialta chuig Karl béim ar a thábhachtaí atá sé maireachtáil go sláintiúil, agus í ag tabhairt comhairle: “Níor cheart duit riamh féachaint ar ghlaineacht agus ord mar rud tánaisteach, mar braitheann sláinte agus croíúlacht orthu. Éiligh go láidir go ndéantar do sheomraí a sciúradh go minic agus am cinnte a shocrú dó - agus a dhil Karl, bíodh sciúradh seachtainiúil agat le spúinse agus gallúnach.
Tar éis do Karl scríobh chuig a athair ag admháil go raibh a stíl mhaireachtála ag dul i bhfeidhm ar a shláinte, scríobh sí: “ní mór duit gach rud a d’fhéadfadh rudaí a dhéanamh níos measa a sheachaint, ná héirigh róthógtha, ná ól a lán fíona nó caife, agus na ithe rud géar, nó a lán piobar nó spíosraí eile. Ní mór duit gan tobac a chaitheamh, gan fanacht suas rómhall sa tráthnóna agus éirí go luath i gcónaí. Bí cúramach freisin, gan slaghdán a fháil agus, a dhíl Karl, ná bíodh ag damhsa go dtí go mbeidh l biseach go leor ort arís.[1]
Is annamh a fheictear gur fhreagair Karl litreacha a theaghlaigh nó gur thug sé cuairt orthu fiú.
Cé gur chruthaigh a stíl mhaireachtála agus a chaifeachas le hairgead teannas lena thuismitheoirí cheana féin, tháinig meath breise ar chaidreamh Karl lena mháthair sna blianta tar éis bhás a athar i 1838, agus a chuid iarrataí ar réamhíocaíochti ar an oidhreacht a raibh súil leis ag dul i gceannas ar a gcaidreamh, a d’éirigh níos doicheallaí agus fuaránta.