Henri Giffard

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaHenri Giffard

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith8 Feabhra 1825
Páras, An Fhrainc Cuir in eagar ar Wikidata
Bás14 Aibreán 1882
57 bliana d'aois
Páras, An Fhrainc Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisFéinmharú (Aisficse)
Áit adhlacthaReilig Père-Lachaise, 21 Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairminnealtóir, cumadóir, balúnaí Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Fhraincis
Gradam a fuarthas

Find a Grave: 62523841 Cuir in eagar ar Wikidata

Innealtóir Francach ba ea Henri Giffard (1825-1882). Ceannródaí eitlíochta ab ea é a cheap an t-insteallaire agus an aerlong dá ngairtear 'Le dirigeable'. Bhí an aerlong á thiomáint ag galinneall, le mheáchan níos mó ná 180 kg. agus b'é seo an chéad aerlong lastais agus paisinéirí.

Bhí an t-aerlong feistithe le hinneall gaile, le 3 each-chumhacht(ec), a thiomáin lián agus bhí an leagan amach seo ní amháin praiticiúil ach fós instiúrtha.

Bhí tonnadóir, a bhí ag pointeáil síos, feistithe chuig an innill. Bhí an t-astú sceite meascaithe leis an ghás dó agus bhí súil ag Giffard go gcuireadh seo stop ar spréacha iontráil isteach sa mhála gáis; d'fheistigh sé stiúir ingearach ar freisin.

Ar an 24 Meán Fómhair 1852 rinne Gifford an chéad eitilt inneall-thiomáinte agus faoi faoi rialú. ag taisteal 27 km ó Páras go Trappes. Bhí an ghaoth róláidir dó chun dul ina aghaidh agus theip air filleadh ar ais go dtí an tús i bPáras. Bhí sé in ann áfach tiontú agus dul i gciorcail, agus dá bhrí sin chruthaigh sé go raibh aerlong faoi thiomáint innill a bheith stiúrtha agus rialaithe. De dheasca meath a theacht ar a shainradharc, chuir sé lámh ina bhás féin sa bhliain 1882, agus do bhronn sé a eastát ar an náisiún i gcomhair cuspóirí daonnúla agus eolaíochta. Tá a ainm i measc na n-ainmneacha, 72 díobh go léir, ar an Túr Eiffel.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]