Jump to content

Aerlong

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí AerárthachAerlong
Cineálaerastat Cuir in eagar ar Wikidata
Oibreoir(í)

Is éard is aerlong[1] ann ná aerárthach lena chóras fuinnmhithe féin, ardaithe ag buacacht gáis atá níos éadroime ná aer. Bíonn an chabhail i bhfoirm todóige, na hinnill is an gondala leis na cábáin ar crochadh uaithi. Tá 3 fhoirm tógála ann d'aerlonga: docht, leathdhocht, agus neamhdhocht. San aerlong dhocht cinneann an chabhail dhocht an cruth. agus bíonn an gás i gcealla taobh istigh de sin. San aerlong neamhdhocht cinneann an brú sa ghás cruth na cabhlach mar a bheadh balún inti. San aerlong leathdhocht bíonn sé cosúil leis an gceann neamhdhocht, ach cíle dhocht ar a fad. Hidrigin a d'úsáidtí ar dtús mar ghás ardaithe, ach de bharr a hindóiteachta is a drochthaifead sábháilteachta, tá héiliam curtha ina háit le fada anois. Ní bhíonn siad in úsáid go forleathan i láthair na huaire.[2]

  1. Niall Ó Dónaill, eag.: “Foclóir Gaeilge-Béarla (Ó Dónaill): aerlong” (ga). Teanglann.ie. An Gúm (1977). Dáta rochtana: 2024-04-23.
  2. Hussey, Matt (2011). "Aerlong". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 12.

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]