Heinrich Häberlin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Heinrich Häberlin
Heinrich Häberlin.gif
President of the Swiss National Council (en) Aistrigh


Member of the Swiss National Council (en) Aistrigh

Nollaig 5, 1904 - Feabhra 12, 1920
District: Thurgau (en) Aistrigh
Member of the Swiss Federal Council (en) Aistrigh

Feabhra 12, 1920 - Aibreán 30, 1934
Saol
Eolas breithe Weinfelden, Meán Fómhair 6, 1868
Náisiúntacht An Eilvéis
Bás Frauenfeld, Feabhra 26, 1947
Oideachas
Alma mater Ollscoil Leipzig
University of Zurich (en) Aistrigh
Ollscoil Humboldt Bheirlín
Kantonsschule Frauenfeld (en) Aistrigh
Teangacha An Ghearmáinis
Gairm
Gairm polaiteoir, breitheamh agus dlíodóir
Áit oibre Beirn
Duais
Ballraíocht Thurgovia (en) Aistrigh
Creideamh
Páirtithe polaitíochta Free Democratic Party of Switzerland (en) Aistrigh

Dlíodóir, breitheamh agus polaiteoir Eilvéiseach ab ea Heinrich Häberlin (6 Meán Fómhair 186826 Feabhra 1947). Bhí Häberlin ina uachtarán ar Chomhairle Chónaidhme na hEilvéise dhá uair, sa bhliain 1926 agus sa bhliain 1931.

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí Häberlin ina mhac léinn in Ollscoil Zurich ó 1887 ar aghaidh, agus ansin in Ollscoil Leipzig agus in Ollscoil Humboldt i mBeirlín. Rinneadh dlíodóir de sa bhliain 1891. Níorbh fhada go raibh sé i measc na ndlíodóirí ní ba rathúla ina chantún dúchais (Thurgau).[1] Ba é a chliaint is cáiliúla ná Ferdinand Graf von Zeppelin.

Bhí Häberlin ina uachtarán ar Chúirt Dúiche Frauenfeld ó 1899 go 1920.

Ball de Pháirtí Daonlathach Saor na hEilvéise, bhí Häberlin gníomhach i bpolaitíocht an chantúin agus an náisiúin ar feadh na blianta fada. Bhí sé ar an gComhairle Náisiúnta ó 1904 go 1920 Bhí sé ina uachtarán uirthi, ó 1918-1919.

Leasuithe náisiúnta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí Häberlin ina bhall de Chomhairle Chónaidhme na hEilvéise ó 1920 go 1934, i gceannas ar an gceartas agus na príosúin. Le linn dó a bheith in oifig, glacadh le cód ceartais mhíleata nua, chomh maith le hathruithe ar an dlí riaracháin, ar an dlí maidir leis an gceannach éigeantach agus ar ghnéithe den dlí tráchtála.

Ba é an rud is tábhachtaí a rinne sé ná gur ritheadh athchóiriú mór ar an dlí coiriúil. Mar sin féin, theip air nuair a rinne sé iarracht an dlí tráchta a chomhoiriúnú ar fud na hEilvéise, ar diúltaíodh dó i reifreann a tharla i mí Bealtaine 1927.

Bhí baint ag Häberlin le dhá mholadh eile ar diúltaíodh dóibh i reifrinn (Lex Häberlin I sa bhliain 1922 agus Lex Häberlin II sa bhliain 1934) a neartódh cumhachtaí an stáit Eilvéisigh le dul in ngleic leis an antoisceachas, ón eite chlé agus ón eite dheis.

Bhí Häberlin ina uachtarán ar Chomhairle Chónaidhme na hEilvéise sa bhliain 1926 agus sa bhliain 1931. D'éirigh sé as Comhairle na Cónaidhme ar 30 Aibreán 1934.

Ghlac Häberlin páirt ghníomhach i saol an phobail go dtí go gairid roimh a bhás i 1947.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Rolf Soland: Heinrich Häberlin. In: Urs Altermatt (Hrsg.): Die Schweizer Bundesräte. Ein biographisches Lexikon. 2. Auflage. Artemis Verlag, Zürich/München 1991,[2] lch 361–365.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Scoil Dlí, COBÁC. "UCD School of Law" (ga). www.facebook.com. Dáta rochtana: 2020-09-06.
  2. "Die Schweizer Bundesräte ein biographisches Lexikon" . OCLC 611604825. 
  3. "Häberlin, Heinrich" (de). hls-dhs-dss.ch. Dáta rochtana: 2020-09-06.