Heemskerk

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilHeemskerk
Bratach Armas
Bratach Armas

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 52°30′39″N 4°40′22″E / 52.510833°N 4.672778°E / 52.510833; 4.672778
Stát ceannasachRíocht na hÍsiltíre
Country of the Kingdom of the Netherlands (en) Aistrighan Ísiltír
Province of the Netherlands (en) AistrighAn Ollainn Thuaidh Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán39,191 (2021) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús1,229.33 hab./km²
Líon na dteaghlach17,174 (2015) Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Achar dromchla31.88 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Airde2 m Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Aitheantóir tuairisciúil
Cód poist1960–1969 Cuir in eagar ar Wikidata
Lonnaithe i gcrios ama
BAG residence ID (en) Aistrigh2458 Cuir in eagar ar Wikidata
Eile

Suíomh gréasáinheemskerk.nl Cuir in eagar ar Wikidata
Facebook: gemeenteheemskerk Twitter: gem_heemskerk Instagram: gemeente_heemskerk LinkedIn: gemeente-heemskerk Cuir in eagar ar Wikidata

Baile mór agus bardas san Ollainn Thuaidh is ea Heemskerk. Tá 38,892 duine ina gcónaí ann i limistéar 31.7 ciliméadar cearnach.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Léiríonn fianaise seandálaíochta go raibh cónaí ar dhaoine i Heemskerk, atá suite ar thalamh gainimh díreach taobh thiar de na dumhcha a choinníonn an Mhuir Thuaidh amach, cúpla céad bliain roimh bhreith Chríost. Sa bhliain 1069 a luadh ainm an bhaile don chéad uair mar 'Hemezen Kyrica' i scríbhinn eaglasta. 'Teampall Hemezen' ba chiall leis an ainm sin. Ceaptar gur bhean rialta as an bhFreaslainn ab ea Hemezen a bhunaigh mainistir san áit.

Bhí sé chaisleán i Heemskerk sna Meánaoiseanna; tá péire fágtha sa lá atá inniu ann, Assumburg agus Marquette. Tógadh teampall Protastúnach an bhaile sa bhliain 1628 ach is as an tríú haois déag don túr. Caitlicigh iad an chuid is mó den daonra, áfach. Thóg bunadh Caitliceach an bhaile teach pobail mór nua sa bhliain 1891 atá ar cheann d'fhíorbheagán samplaí de thithe pobail Chaitliceacha a tógadh i stíl na Nua-Athbheochana. Tá an t-ainm céanna, 'St. Laurentius' ('Naomh Labhrás') ar an dá shéipéal.

Baile tuaithe[cuir in eagar | athraigh foinse]

Baile tuaithe a bhí in Heemskerk go dtí na 1960í. Sútha talún an táirge ba mhó a mbíodh cáil ar an mbaile ina thaobh. Sa lá atá inniu ann, fástar bláthanna agus glasraí ar an talamh gainimh méith idir an mbaile agus na dumhcha.

Aonach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá aonach siamsaíochta Heemskerk, a thosaíonn ar an gcéad Chéadaoin i Meán Fómhair agus a leanann ar feadh trí lá, ar cheann de na cinn is mó a bhfuil tóir orthu san Ollainn Thuaidh. Bíonn rásaí capall ann ar an Déardaoin.

Daoine a rugadh i Heemskerk[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Rafael van der Vaart (11 Feabhra 1983), imreoir sacair le Ajax, HSV, Real Madrid agus foireann náisiúnta na hÍsiltíre
  • Alex Hijmans (12 Meitheamh 1975), iriseoir agus údar Gaeilge