Harvey Milk
Harvey Milk | |
---|---|
![]() | |
Saol | |
Ainm iomlán | Harvey Bernard Milk |
Eolas breithe | Woodmere, 22 Bealtaine 1930 |
Náisiúntacht | Stáit Aontaithe Mheiriceá |
Áit chónaithe | San Francisco |
Teanga dhúchais | an Béarla |
Bás | San Francisco, 27 Samhain 1978 |
Áit adhlactha | San Francisco Columbarium (en) ![]() |
Cúis bháis | dúnmharú (tráma balaistíoch) |
Maraithe ag | Dan White |
Oideachas | |
Alma mater | Ollscoil Stáit Nua-Eabhrac, Albany Bay Shore High School (en) ![]() |
Teangacha | an Béarla |
Gairm | |
Gairm | polaiteoir, oifigeach cabhlaigh, gníomhaí ar son chearta an duine agus gníomhaí ar son cearta daoine LADT |
Duaiseanna | |
Seirbhís mhíleata | |
Brainse míleata | Cabhlach na Stát Aontaithe |
Céim | lieutenant (junior grade) (en) ![]() |
Throid sé/sí ag | Cogadh na Cóiré |
Cleamhnú | |
Reiligiúin | An Giúdachas |
Páirtithe polaitíochta | Páirtí Daonlathach |
IMDb | nm0587548 |
Discogs ID | 334950 |
Polaiteoir Meiriceánach ab ea Harvey Bernard Milk (22 Bealtaine 1930 – 27 Samhain 1978). Bhí sé ionad aige ar Bhord Mhaoirseoirí San Francisco, an chéad duine LADT a toghadh do oifig phoiblí i gCalifornia. Níorbh iad an pholaitíocht agus gníomhaíocht aerach na haon suim dá raibh aige: Bhí 40 bliana slánaithe aige sula ndeachaigh sé le ceachtar den dá rud. Chuaigh frithchultúr na seascaidí go háirithe i bhfeidhm air.
Chuir Milk 11 mhí isteach in oifig agus bhí sé freagrach as dhlí dhian i bhfeidhm le cearta LADT a chosaint sa chathair úd. Ar 27 Samhain 1978, d'fheallmharaigh Dan White Milk agus an Méara George Moscone. Maoirseoir eile de chuid San Francisco a bhí in White, a bhí i ndiaidh éirí as a phost ar bhord na cathrach agus a raibh teip ar a iarracht chun an post a fháil ar ais.
In ainneoin giorracht an ama a chaith sé in oifig, d'éirigh Milk ina íocón in San Francisco agus ina martíreach. Sa bhliain 2002, rinneadh cur síos ar Milk mar "an t-oifgeach LADT is cáiliúla agus is suntasaí dár toghadh riamh sna Stáit Aontaithe."[1]
Beathaisnéis[cuir in eagar | athraigh foinse]
Rugadh Milk in Woodmere, Queens, Nua-Eabhrac, do thuismitheoirí Giúdacha de shliocht Liotuánach. Bhíodh pháistí eile ag spochadh as go minic mar gheall ar a dhá mhórchluas, a shrón mhór agus na spága de chosa a bhí aige. D'imir sé peil Mheiriceánach ar scoil dó agus bhí dúil a anama aige sa cheoldráma. Thuig sé mar dhéagóir gur homaighnéasach é féin ach choimeád sé é sin i gceilt. D'fhreastail sé ar Ollscoil Stát Nua-Eabhrac in Albany agus bhain sé céim bhaitsléara amach sa Mhatamatic.
Le linn Chogadh na Cóiré sna luath 1950idí, bhí ar seirbhís i gCabhlach na Stát Aontaithe ar bord an USS Kittiwake, fomhuireán, agus mar theagascóir tumadóireachta. I ndiaidh an chogaidh d'éirigh sé mór le cúpla fear eile agus d'oibrigh sé mar staitisteoir i gCathair Nua-Eabhrac. Chaith sé tamall in Dallas, Texas freisin, sular chuir sé faoi in San Francisco. Sa bhliain 1971 chuir seisean agus a chomrádaí siopa ceamaraí ar bun leis na $1,000 dollar deireannacha a bhí fágtha acu.
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ Smith and Haider-Markel, p. 204.
Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |