Harry Ferguson

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaHarry Ferguson

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith4 Samhain 1884
Contae an Dúin, Northern Ireland Cuir in eagar ar Wikidata
Bás25 Deireadh Fómhair 1960
75 bliana d'aois
Stow-on-the-Wold, England Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Réimse oibreInnealtóireacht mheicniúil agus innealtóireacht aeraspáis
Gairmcumadóir, innealtóir, eitleoir Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla

Eitleoir is ceapadóir a rugadh gar do Dhroim Mór, Co. an Dúin, ab ea Harry Ferguson (4 Samhain 1884 - 25 Deireadh Fómhair 1960). Thóg sé a chéad eitleán i 1901 agus d'eitil é an bhliain chéanna. I 1917, ar iarratas an Bhord Talmhaíochta, dhear is rinne sé céachta ab fhéidir a cheangal le haon tarracóir a bhí ann ag an am. Bhí an céachta faoi rialú hiodrálach, fuinnmhithe ag inneall an tarracóra. Ar dtús cheangail sé le tarracóir nua Ford, an Fordson, ach bheartaigh sé gurbh fhearr feithicil dá dhearadh is dá dhéantús féin chun feidhm a bhaint ar airíonna is féidearthachtaí uile a chéachta. Bhí a fhréamhshamhail réidh i 1933, agus rinne sé conradh le comhlacht innealtóireachta David Brown chun an tarracóir nua, an Brown Ferguson, a dhéanamh.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Harry Ferguson". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 263.