Gruffydd Maelor
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 12 haois |
Bás | 1191 |
Powys Fadog | |
Gníomhaíocht | |
Gairm | monarc |
Teaghlach | |
Céile | Angharad ferch Owain Gwynedd |
Páiste | Madog ap Gruffydd Maelor, Cristin ferch Gruffudd Maelor ap Madog ap Maredudd |
Athair | Madog ap Maredudd agus Siwsana ferch Gruffudd |
Siblín | Owain Fychan |
Prionsa Powys Fadog, sa Bhreatain Bheag, ab ea Gruffydd Maelor (d’éag sé sa bhliain 1191). Bíonn aithne air mar Gruffydd Maelor I chun idirdhéalú a dhéanamh idir seisean agus a garmhac, Gruffydd Maelor II (b. 1269).
Sinsir
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ba é mac Madog ap Maredudd agus Susanna, iníon Gruffudd ap Cynan. Bunaitheoir phríomhtheaghlach thuaisceart Powys ab ea é le linn an tríú haois déag.
Oidhreacht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Scoilteadh tuaisceart Powys in dhá leath sa bhliain 1160, nuair a d’éag athair Gruffydd. Chomh maith le sin, roinneadh na críocha ó thuaidh Abhainn Rhaeadr idir Gruffydd agus beirt deartháireacha, Owain Fychan agus Owain Brogyntyn. Fuair sé Maelor (bíonn aithne air mar ‘Bromfield’ freisin), agus Iâl (‘Yale’) mar oidhreacht le tíortha dá athair. Nuair a cailleadh leathdhéarthair Gruffydd, Owain Fychan, sa bhliain 1187, thugadh Nanheudwy, Cynllaith Owain agus Mochnant Íochtarach dó ar bharr sin.
Thug sé seilbh le cantref Cyfeiliog óna nianna Owain agus Meurig. Dá bharr sin, aontaíodh formhór thuaisceart Powys faoi.
Pósadh
[cuir in eagar | athraigh foinse]Phós sé Angharad, a chol cheathrair agus iníon Owain Gwynedd, Rí Gwynedd.
Bás agus Clann
[cuir in eagar | athraigh foinse]Cailleadh sa bhliain 1191 é, agus clann aige, mar leanas: