Madog ap Gruffydd Maelor
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 1191 (Féilire Ghréagóra) |
Bás | 1236 44/45 bliana d'aois |
![]() | |
![]() | |
Gníomhaíocht | |
Gairm | monarc ![]() |
Eile | |
Teideal uasal | Prionsa ![]() |
Páiste | Madog Fychan, Maredudd ap Madog ap Hywel ap Gruffudd Maelor, Gruffudd ap Madog, Hywel ap Madog ap Gruffudd Maelor ![]() |
Athair | Gruffydd Maelor agus Angharad ferch Owain Gwynedd |

Taoiseach (Breatnais:Tywysog) ab ea Madog ap Gruffudd nó Madog ap Gruffudd Maelor nó Madog ap Gruffudd ap Madog [1] ar an gcuid thuaidh de Phowys, in oirthuaisceart na Breataine Bige, ar a dtugtaí Powys Fadog ina dhiaidh. Bhí sé i gceannas ar Powys Fadog ó 1191 go dtí a bhás i 1236.
Luathshaol
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ba é an mac ba shine é den taoiseach Gruffudd Maelor I agus a bhean chéile, Angharad, iníon leis an Rí Owain Gwynedd. Tháinig sé i gcomharbacht ar a athair in éineacht lena dheartháir Owain, sa bhliain 1191, agus nuair a fuair Owain bás sa bhliain 1197, tháinig sé chun bheith ina rialóir aonair ar an Phowys ó thuaidh ó na habhainn Afon Rhaeadr agus Afon Tanad.[2]
Dhaingnigh Madog sealúchas a athar, an Taoiseach Gruffudd Maelor, agus tugadh ina onóir 'Powys Fadog' ar an gcríoch a rialaigh sé. Tháinig an chuid eile den seanríocht le chéile mar Powys Wenwynwyn. Tar éis a bháis sa bhliain 1236, tugadh Powys Fadog ar an gceantar seo—a chuimsigh Maelor na Breataine Bige agus Maelor Shasana, Iâl, Cynllaith, Nanheudwy, agus Mochnant Is Rhaeadr—cé go roinneadh é idir a chúigear mac. [2]
Bhí Madog dlúth lena chol ceathrar Llywelyn Fawr, ar dtús, ach d’éirigh sé níos faide uaidh de réir a chéile. Bhí sé deoranta uaidh freisin ón mbliain 1212 ar aghaidh, nuair a d’éirigh lena chol ceathar Cónaidhm na Breataine Bige a athbhunú. Ina ionad sin, bhí sé ag braith ar Sheon, Rí Shasana, an neach a raibh sé ag obair dó, mar chomhghuaillí oifigiúil leis an rí Sasanach. Faoin mbliain 1215, shocraigh sé dul i gcomhghuaillíocht lena chol ceathar agus d’fhan sé mar sin. [3]
Pósadh agus Clann
[cuir in eagar | athraigh foinse]Phós sé Esyllt (Isota), agus bhí clann acu, mar leanas:
- Gruffudd Maelor II, a tháinig i gcomharbacht ar a athair Madog.
- Gruffudd Iâl (b. 1238).
- Maredudd (b. 1256).
- Hywel (b.1268).
- Madog Fychan (b. 1269).
- Angharad. Rinne a hathair iarracht í a phósadh le Fulk FitzWarin.
Bás agus Adhlacadh
[cuir in eagar | athraigh foinse]Fuair Madog ap Gruffydd Maelor bás sa bhliain 1236 agus adhlacadh é in Abaty Glyn y Groes (Laidin; Valle Crucis)). Sa bhliain 1956, tochlaíodh a leac ag an Mainistir.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Lloyd, Jacob Youde W. (1881). The history of the princes, the lords marcher, and the ancient nobility of Powys Fadog, Oxford University, p. 158
- ↑ 2.0 2.1 Jones Pierce, Thomas. "MADOG ap GRUFFYDD". Dictionary of Welsh Biography. National Library of Wales. Aisghafa 4 December 2014.
- ↑ "The Kings and Queens of Britain" (2009). Oxford: Oxford University Press.