Owain Gwynedd
| Beathaisnéis | |
|---|---|
| Breith | c. 1100 (Féilire Ghréagóra) Tiarnas Gwynedd |
| Bás | 28 Samhain 1170 69/70 bliana d'aois Tiarnas Gwynedd |
| Áit adhlactha | Bangor |
| Rí | |
| | |
| Gníomhaíocht | |
| Gairm | monarc |
| Teangacha | An Bhreatnais |
| Ghlac sé/sí páirt i | |
| Deireadh Fómhair 1136 | Cath Crug Mawr |
| Eile | |
| Teideal uasal | Prionsa na Breataine Bige |
| Teaghlach | Ríshliocht Aberffraw |
| Céile | Cristin ferch Goronwy Gwladus ferch Llywarch ap Trahaearn |
| Páiste | Hywel ab Owain Gwynedd ( Cynan ab Owain Gwynedd ( Iefan ab Owain Gwynedd ( Rhun ab Owain Gwynedd ( Iorwerth Drwyndwn ( Maelgwn ab Owain Gwynedd ( Rhodri ab Owain Gwynedd ( Madoc ab Owain Gwynedd ( Angharad ferch Owain Gwynedd ( Dafydd ab Owain Gwynedd ( Gwenllian ferch Owain Gwynedd ( |
| Athair | Gruffudd ap Cynan agus Angharad ferch Owain |
| Siblín | Gwenllian ferch Gruffydd |
Bhí Owain ap Gruffudd (1100 - 28 Samhain 1170 ) ina rí Gwynedd, i dThuaisceart na Breataine Bige, ó 1137 go dtí a bhás sa bhliain 1170, i gcomharbacht ar a athair Gruffudd ap Cynan. Tugadh Owain Fawr air (Gaeilge: Eoghain Mór) agus an chéad duine ar tugadh "Tywysog Cymru" agus "Brenin y Cymry" air. Meastar gurb é an duine is rathúla é de phrionsaí uile na Breataine Bige Thuaidh roimh a gharmhac, Llywelyn ab Iorwerth (Llywelyn Fawr). Tugadh Owain Gwynedd (Meán-Bhreatnais: Owain Gwyned air chun idirdhealú a dhéanamh idir é agus rí comhaimseartha Powys Wenwynwyn, "Owain ap Gruffydd ap Maredudd", ar a dtugtar "Owain Cyfeiliog."[1][2]
Luathshaol
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí Owain Gwynedd ina bhall de Llys Aberffraw (Gaeilge:Cúirt Aberffraw), an chraobh shinsearach de ríshliocht Rhodri Mawr. Rialóir láidir fadsaolach ab ea a athair, Gruffudd ap Cynané, a rinne Gwynedd ar an gceann ba mhó tionchar sa Bhreatain Bheag le linn seasca a dó bliain dá réimeas, agus é ag baint úsáide as an oileán "Ynys Môn" mar bhunáit chumhachta aige. Iníon le Owain ab Edwin ap Gronw ab ea a mháthair, Angharad ferch Owain. Ba é Owain Gwynedd an dara mac ag Gruffydd agus Angharad. Maraíodh a dheartháir ba shine, Cadwallon, agus é ag troid i Powys sa bhliain 1132 in aghaidh Meirionnydd.[2]
Ceaptar gur rugadh Owain ar Ynys Môn faoin mbliain 1100, gurbh é an dara leanbh a bhí ag Gruffudd ap Cynan, garpháiste Owain ab Edwin ap Gronw trína mháthair Angharad iníon le Owain. Faoi 1120, bhí Gruffydd tar éis fás ró-shean chun a chuid fórsaí a stiúradh i gcat agus bhí Owain agus a dheartháireacha Cadwallon, agus ina dhiaidh sin Cadwaladr, i gceannas ar fhórsaí Gwynedd i gcoinne na Normánach agus i gcoinne prionsaí eile na Breataine Bige le rath mór orthu. Maraíodh a dheartháir is sine Cadwallon i gcath in aghaidh fhórsaí Powys sa bhliain 1132, rud a d'fhág Owain ina oidhre ar a athair. Bhuaigh Owain agus Cadwaladr, i gcomhghuaillíocht le Gruffydd ap Rhys ó Deheubarth, bua mór ar na Normannaigh ag Crug Mawr in aice le Aberteifi sa bhliain 1136 agus chuir siad Ceredigion i gceangal le réimse a n-athar.
Luath-ríocht (1137-1153)
[cuir in eagar | athraigh foinse]Thar ceann a athar, Gruffudd ap Cynan, threoraigh Gwynedd oibríochtaí míleata go dtí "cantrefi Meirionnydd, Rhos, Rhufoniog agus Dyffryn Clwyd go Gwynedd ó cheart ", agus bhí sé in aghaidh na Normannach, le Gruffydd ap Rhys a bhfuair sé bua ag Cath Crug Mawr agus forghabháil shealadach Ríocht Ceredigion.[2] Ar bhás Gruffudd sa bhliain 1137, fuair Owain cuid de ríocht sheanbhunaithe le hoidhreacht, ach b'éigean dó é a roinnt le Cadwaladr. Sa bhliain 1143 bhí baint ag Cadwaladr le dúnmharú Anarawd ap Gruffydd as Deheubarth, agus d'fhreagair Owain trína mhac Hywel ab Owain Gwynedd a sheoladh chuige chun a thailte i dtuaisceart Ceredigion i a bhaint uaidh.[3] Cé gur réitigh Owain le Cadwaladr ina dhiaidh sin, ón mbliain 1143, rialaigh Owain ina aonar thar an gcuid is mó de Thuaisceart na Breataine Bige. Sa bhliain 1155 tiomáineadh Cadwaladr ar deoraíocht.
Bhain Owain leas as "An Ainrialtacht", an cogadh cathartha idir Stiofán, Rí Shasana, agus an Banimpire Matilda, chun teorainneacha Gwynedd a bhrú níos faide soir ná riamh. Sa bhliain 1146 ghabh sé "Castell yr Wyddgrug" agus thart ar 1150 ghabh sé Rhuddlan agus sháraigh sé ar theorainneacha Powys. Thug prionsa Powys, Madog ap Maredudd, le cúnamh ó Ranulf de Gernon, 4ú Iarla Chester, cath ag Cwnsyllt, ach bhí an bua ag Owain.[4][3]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Lloyd 2004, p. 93.
- 1 2 3 Earráid leis an lua: Invalid
<ref>tag; no text was provided for refs namedGwyneddDWB - 1 2 Earráid leis an lua: Invalid
<ref>tag; no text was provided for refs namedDictionary - ↑ "MADOG ap MAREDUDD (died 1160), king of Powys". Dictionary of Welsh Biography. National Library of Wales.