Grianchumhacht

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Cumhacht a radaítear ó dhromchla na Gréine, a mbaintear sochar aisti ar Domhan ar bhealaí éagsúla chun téamh is cumhacht leictreach a ghiniúint. Is féidir painéil gréine (asúire miotalach dubh) a úsáid chun teas a bhaint as radaíocht na Gréine agus uisce nó aer i bpíobáin taobh thiar de a théamh is a dháileadh ar fud an tí. I réigiúin thirime, is féidir an teas seo a úsáid chun sáile a ghalú agus uisce úr a fháil trí chomhdhlúthú na gaile. Má dhéantar an ghrianradaíocht a fhócasú, is féidir uisce a ghalú agus an ghal a théamh go dtí teocht ard le dineamó gaile a thiomáint chun leictreachas a ghiniúint. Is féidir leictreachas a ghiniúint go díreach ón ngrianchumhacht le grianchealla fótavoltacha. Teorainn le héifeacht is áisiúlacht na grianchumhachta is ea nach mbíonn sí ar fáil ach nuair a bhíonn an Ghrian ag taitneamh. Mar sin féin, in an-chuid tíortha teo ní mór an teorannú é seo, agus is mór an acmhainn insaothraithe an ghrianchumhacht.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Grianchumhacht". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 332.