Gobnait

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Gobnait. Dealbh den naomh i mBaile Bhúirne

Naomh Éireannach Críostaí sa luath Mheánaois ab ea Gobnait. Mhair sí timpeall na 6ú haoise. Bhí baint aici le séipéal i Móin Mhór i mBaile Bhúirne, i gContae Chorcaí. [1] Bhí baint aici freisin leis an Múscraighe. Bhí a séipéal agus a clochar ar theorainn Mhúscraighe Mittine agus Eóganacht Locha Léin.[1] Is é an 11ú Feabhra a féile.

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Gobnait i gContae an Chláir sa 5ú nó 6ú hAois, agus tá sé ráite go bhfuil gur dheirfiúr le Naomh Abban í. Theith sí ó achrainn teaghlaigh, agus chuaigh sí ar a caomhnú ar Inis Oírr in Árainn.[2] Nocht aingeal a dúirt léi nárbh an áit sin "áit a haiséirí" agus gur chóir di dul ar lorg áit ina mbeadh naoi bhfia bhán ar féarach. Tháinig sí orthu in áit ar a dtugtar anois Coill Naomh Gobnait. Deirtear gur oibrigh Naomh Abban léi ag tógáil bhunsraith an chlochair agus go ndearna sé banab air í.

Creidtear go raibh áit mhór don bheachaireacht i saol Ghobnait agus go raibh cion aici ar na beacha. Bhí ardmheas ag na sean-Cheiltigh ar na beacha, mar chreidtí go n-imíonn an t-anam ón chorp i bhfoirm beiche nó féileacáin.

Chuir sí ord cráfeach ar bun agus chaith sí bunús a saoil ag tabhairt cúnaimh do an heasláin. Ceapann cuid daoine gur bhain sí úsáid as mil mar leigheas.[3]

Cuirtear ina leith gur tharrtháil sí lucht Bhaile Bhúirne ón bplá.[2]


Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]