Gloine mhiotalach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Miotal i staid dhímhorfach (na hadaimh i struchtúr neamhchriostalta, gan eagar rialta, cosúil le struchtúr inmheánach gloine), a táirgeadh den chéad uair i 1960 ag an ábhareolaí Meiriceánach William Klement (1937-). Bíonn struchtúr inmheánach criostalta ag miotail de ghnáth, ach is féidir a mhalartú don struchtúr dímhorfach tríd an miotal leáite a fhuarú go tapa, nó an miotal soladach a fhoroinnt ina phúdar mín. Úsáidtear gloiní miotalacha i gcroíleacáin trasfhoirmeoirí agus déanamh comhpháirteanna fíorláidre, cosúil le giaranna (trí mhodhanna púdarmhiotalóireachta mar shintéarú).[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Gloine mhiotalach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 322.