Gloine bhreochloiche
Appearance
Is éard is gloine bhreochloiche[1][2] ann ná gloine throm chriostalta, a chuimsíonn luaidhe (Pb), an-áisiúil i gcomhair gearrtha is greanta, mar a dhéantar i monarchana gloine criostalta in áiteanna éagsúla in Éirinn. Tugadh isteach don fheidhm seo ar dtús í timpeall 1675, agus rinneadh na samplaí sin as breochloch mhionaithe in ionad gainimh, mar is gnáth anois. Is mó a comhéifeacht athraonta ná gloine chorónach (nach bhfuil luaidhe inti), agus mar sin is tábhachtach í i ndéanamh lionsaí comhshuite ceartaithe i gcomhair spéaclaí is eile.[3]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ ““gloine bhreochloiche” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-01-01.
- ↑ Pádraig Ó Mianáin, eag.: “flint glass — Aistriúchán Gaeilge ar flint glass (An Foclóir Nua Béarla-Gaeilge)” (ga). An Gúm (2020). Dáta rochtana: 2024-01-01.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Gloine bhreochloiche". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 322.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |