Gleorán

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

Planda cranda nó dreapaire, bliantúil nó ilbhliantúil, dúchasach do Mheiriceá teochreasach. In úsáid go minic mar phlanda gairdín. Na duilleoga cruinn nó liopach, agus an gas ceangailte le lár na duilleoige. Na bláthanna singil nó dúbailte i bhfoirm spoir nó trumpa, dearg, buí is flannbhuí. Piclítear na síolta, agus is caprais iad ansin. Cuirtear na duilleoga is na bláthanna le sailéid.