Glúcagón

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Ceall in insín Langerhans atá ruaimnithe chun an glúcagón (dearg) inti a thaispeáint

Hormón is ea glúcagón. Polaipeiptíd atá ann, a fhaightear i veirteabraigh agus a shintéisítear sa phaincréas, sna hA-chealla in insíní Langerhans. Táltar é mar fhreagairt ar thiúchan íseal glúcóis sa bhfuil. Is í a phríomhghníomhaíocht tiúchan an ghlúcóis sa bhfuil a mhéadú trí athrú na glicigine san ae go dtí glúcós a chur chun cinn. Spreagann sé tál insline is sómatastaitine sa phaincréas agus hormón fáis.