Glúcacortacóideach
Cuma
Is éard is glúcacortacóideach[1] ann ná hormón stéaróideach a shintéisítear sa choirtéis aidréineach i veirteabraigh agus a tháltar amach aisti. Ról tábhachtach acu i meitibileacht carbaihiodráití agus cosaint na colainne i gcoinne struis. Sa duine, cuimsíonn siad cortasól (hidreacortasón), cortacaistéarón, agus cortasón. Baintear úsáid astu i dteiripí athsholáthar hormón (mar shampla, i gcás galar Addison, ina dtarlaíonn uireasa glúcacortacóideach) agus chun cosc a chur ar neamhoird athlasta is ailléirgeacha.[2]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ ““glúcacortacóideach” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-11-12.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Glúcacortacóidí (sic)". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 324.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |