Galar Addison
Jump to navigation
Jump to search
Riocht a tharlaíonn de bharr milleadh na bhfaireog aidréineach trí ionfhabhtú (mar a tharlaíonn san eitinn scamhóige) nó frithghníomh uathimdhíonach. Titeann tál na gcortacaistéaróideach, éiríonn duine lag fuarchúiseach, titeann a bhrú fola, agus tagann líocha ar a chraiceann. Gan chóir leighis faigheann sé bás, agus ní mór dó stéaróidigh shaorga a thógaint go rialta lena bheatha. Ainmnithe as Thomas Addison (c 1793-1860), lia a rinne taighde ar niúmóine agus eitinn scamhóige.
![]() |
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |