Gilbert Newton Lewis

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Ceimicí fisiciúil a rugadh i Weymouth, Massachusetts ab ea Gilbert Newton Lewis (1875-1946). Ceannródaí i bhfeidhmiú phrionsabail is mhodhanna oibre na fisice sa cheimic, agus dhírigh sé cuid mhaith dá thaighde ar eagar na leictreon sna scealla timpeall ar núicléis adamh.