Gibneoireacht

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí Idirghabháil LeighisGibneoireacht
cuir in eagar
MeSHD000079742 Cuir in eagar ar Wikidata

Teicníocht choitianta i míochaine oirthearach is iartharach is ea Gibneoireacht, ina gcruthaítear folús taobh istigh de phróca nó cupán (an ghibne), le lasair go minic, agus a gcuirtear béal na gibne ar chraiceann an duine atá le cóireáil. Tarraingíonn an folús sa ghibne craiceann is fíocháin an duine píosa beag isteach inti, agus coinnítear mar sin é ar feadh ceathrú uaire. Baineann snáthaidpholladóirí feidhm aisti, ach tá a húsáid imithe i léig i measc gnáthdhochtúirí le fada.[1]


Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Gibneoireacht". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 315.