George Barnett (staraí)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaGeorge Barnett
Beathaisnéis
Breith11 Feabhra 1876
Bás10 Aibreán 1965
89 bliana d'aois
Gníomhaíocht
Gairmantraipeolaí, staraí, seandálaí, geolaí Cuir in eagar ar Wikidata

Staraí, béaloideasaí, file, luibheolaí agus seandálaí Éireannach ab ea George "Geordie" Barnett (11 Feabhra 187610 Aibreán 1965). Rugadh Barnett in Abhainn Riabhach, na Sé Bhaile, Baile na Croise, Contae Dhoire, i dTuaisceart Éireann. Gí nach raibh aon mhúinteoir aige ach é féin d'éirigh leis eolas ollmhór ar shléibhte na Speiríní a bhaint amach as a stuaim féin, ag síor-staidéar, breathnóireacht agus tastáil. D'aimsigh sé a lán láithreán ón réamhstair, ach thar aon ní eile, tá aithne air as liagchiorcail na Beithí Móire a aimsiú. D'fhorbair sé teoiric gur fheidhmigh an láithreán mar réadlann ghealaí.[1] Scríobh sé dán a chuir an teoiric seo os comhair an tsaoil, mar atá, The Beaghmore Stone Circles.

A shaothar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí idir aithne agus meas ag lucht na n-ollscoileanna ar Barnett de bharr an méid eolais a bhí aige ar a cheantar dúchais agus ar na Speiríní. Bhí sé páirteach i saothar taiscéalaíochta agus tochailte go minic, agus aithnítear é sna scríbhinní acadúla.[2][3][4] Aige seo síos a scríobh an tOllamh E. E. Evans, chéad ollamh le tíreolaíocht in Éirinn,[5] faoi Barnett ar ócáid a bháis:

"George Barnett, who died on 10th April 1965, in his ninetieth year, was a man of rare quality who, with little formal education, won more than local fame for his knowledge of field archaeology, botany, and geology."

Ina bhaile dúchais a fuair Barnett bás. Tá sé curtha sa reilig in aice eaglais St. Anne.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Evans, E.E. (1966). "George Barnett: An appreciation". Ulster Journal of Archaeology 29: 1-5. 
  2. Hartley, J.J. (1933). "{{{title}}}". Proceedings of the Royal Irish Academy. 41: 193-283. 
  3. M'Court, D (1972). "The use of oral tradition in Irish historical geography". Irish Geography 6: 394. doi:10.1080/00750777209479014. 
  4. Lucas, A.T. (1960). "Furze-A survey and history of its use in Ireland". 
  5. "Emyr Estyn Evans". Irish Studies Gateway.

Léitheoireacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Mawhinney, G. (1992). "Geordie Barnett's Gortin: Poetic tributes to Tyrone". Moyola Books. 
  • Mawhinney, G. (1996). "Barnett's Ballinascreen: Poems from his native parish". Moyola Books. 
  • Mawhinney, G. (1992). "The Poems of Geordie Barnett: Selected stanzas, mostly about his love of nature". Moyola Books. 
  • Mawhinney, G. (1993). "Geordie Barnett's Sixtowns: Poems from Ballinascreen". Moyola Books.