Grúpa liagchiorcail, carn agus gnéithe meigiliteacha eile ón Aois Chré-Umha luath i gContae Thír Eoghain, i dTuaisceart Éireann, is ea an Bheitheach Mhór (Béarla: Beaghmore), agus é suite 8.5 míle siar ó thuaidh ón Chorr Chríochach ar imeall thoir-theas na Speiríní.[1] Ní ainm deimhnithe í an Bheitheach Mhór de réir Logainm.ie.[2] Tugann Dictionary of Ulster Place-names "an Bheitheach Mhór" (áit ina bhfuil a lán crann bheithe) ar an áit[3] Coillte a bhíodh sa cheantar sular ghlan na feirimeoirí Neoiliteacha an talamh, agus luífeadh ainm mar sin le réasún. Séadchomharthaí Stairiúla faoi Chúram an Stáit is ea ciorcail liag, ailíniú agus cairn na Beithí Móire agus iad i ndlínse Chomhairle Cheantair na Coirre Críochaí, tagairt eangaí: H684 842.[4]
↑[http://www.logainm.ie/ga/64316 Baile fearainn na Beithí Móire i dTír Eoghain ag Logainm.ie. Tá logainmneacha cosúla i gContaetha Dhún na nGall agus na Gaillimhe ag Logainm.ie fosta. Arna rochtain ar 6 Samhain 2016
↑McKay, P. (2007) A Dictionary of Ulster Place-Names, lch. 20
↑"Beaghmore". Environment and Heritage Service NI – State Care Historic Monuments.
Is síol faoi thíreolaíocht Thuaisceart Éireann é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.