Liagchiorcal

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is éard is liagchiorcal ann ná grúpa cloch mór ina seasamh i bhfáinne. Tugtar “galláin” nó “liagáin” ar na clocha seo. Is in iarthuaisceart na hEorpa an chuid is mó de na liagchiorcail atá ann, go háirithe sa Bhreatain, in Éirinn agus sa Bhriotáin. Creidtear gur tógadh an chuid is mó acu san Aois Neoiliteach dhéanach nó sa Chré-umhaois Luath, de ghnáth ó 3000 RC i leith. Tá beagnach 200 liagchiorcal in Éirinn, ina measc, Ciorcal an Droma Bhig, Teampall Brianaid, agus Lios na Gráinsí. Tá samplaí eile scaipthe timpeall na hEorpa. Níos déanaí, le linn na hIarannaoise, tógadh liagchiorcail i ndeisceart Chríoch Lochlann.

Aicmítear liagchiorcail de réir cruth agus méid na gcloch, méid an chiorcail, agus an líon cloch sa cheantar áitiúil. Cé go bhfuil go leor teoiricí curtha chun cinn chun a n-úsáid a mhíniú, teoiricí a bhaineann le cúrsaí searmanais nó deasghnátha go hiondúil, níl seandálaithe ar aon intinn maidir lena bhfeidhm. Ba mhinic a bhí iarracht mhór phobail i gceist lena dtógáil, lena n-áirítear tascanna speisialta mar phleanáil, gearradh agus iompar na gcloch, na trinsí bunsraithe a thochailt, agus an tógáil féin. [1]

Dátaí agus seandálaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá níos mó agus níos mó fianaise ann gur thosaigh tógálacha meigiliteacha chomh luath le 5000 RC in iarthuaisceart na Fraince[2] agus gur leathnaigh an nós agus na teicnící togála trí bhealaí farraige as sin ar fud na hEorpa agus réigiún na Meánmhara.[2][3] Meastar gur tógadh Clocha Carnac sa Fhrainc timpeall 4500 RC,[4] agus cuimsíonn cuid mhór de na foirmíochtaí ciorcail chloiche meigiliteacha.

Liagchiorcal i gCorn na Breataine
Ciorcal an Droma Bhig, Co. Chorcaí
Liagchiorcal ag Carraig an Ghiolla, Contae Chorcaí, Éire

Cé go bhfaightear liagchiorcail ar fud na hÉireann, tá go leor acu in dhá cheantar ar leith: in iardheisceart na tíre (Contae Chorcaí agus Contar Chiarraí) agus i lár Uladh. I gCúige Uladh, is iondúil go mbíonn go leor cloch beag i gceist, troigh amháin (0.3 méadar) ar airde de ghnáth, agus faightear iad ar thalamh ard agus ar shuímh ina bhfuil ailíniú cloiche freisin. Is gnách go mbíonn cruth níos neamhrialta ar na liagchiorcail i gCúige Mumhan, agus clocha níos mó.[5]

Mór-roinn na hEorpa[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá liagchiorcail le fáil ar fud Mhór-Roinn na hEorpa freisin, ón Muir Dhubh go dtí an Bhriotáin. I measc na láithreacha sa Fhrainc tá cuid mhaith sa Bhriotáin (dhá cheann ar oileán Er Lannic agus dhá cheann eile, is dócha, ag Carnac), agus roinnt eile i ndeisceart na Fraince ar an Causse de Blandas[6][7] sna Cevennes, sna Piréiní,[8] agus sna hAlpa (mar shampla an Petit Saint Bernard). Tá liagchiorcal suntasach amháin sna hAlpa Iodálacha.[9] Chomh fada siar le 1579, rinne scoláirí sa Ghearmáin cur síos ar chiorcail mhóra cloiche in aice le Ballenstedt.[10] Sa bhliain 2001, thángthas ar liagchiorcal (Beglik Tash) sa Bhulgáir i ngar don Mhuir Dhubh.

Tugtar harrespil ar na ciorcail seo i dtír na mBascach, áit a dtugann muintir na háite mairu-baratzjentil-baratz orthu, rud a chiallaíonn “gairdín (reilig) págánach”. Is tagairt é seo d'fhathaigh mhiotaseolaíochta ón ré réamh-Chríostaí. Tá Tír na mBascach breactha le liagchiorcail chreimthe nó cinn a ndearnadh loitiméireacht orthu — níor mhair aon cheann a bhfuil dea-bhail air.

An Afraic[cuir in eagar | athraigh foinse]

Faightear liagchiorcail ársa ar fud Chorn na hAfraice. Tá roinnt seanstruchtúr den sórt sin in Booco in oirthuaisceart na Somáile. Timpeallaíonn ciorcail bheaga chloiche dhá shéadchomhartha ardáin, atá suite le chéile. Creidtear go marcálann na liagchiorcail uaigheanna gaolmhara.[11]

Ar thaobh thiar na hAfraice, tá na liagchiorcail Seineaghaimbiacha ann, a tógadh idir 700 AD agus 1350 AD.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Richards, Colin. Building the Great Stone Circles of the North. Windgather Press, 2013. pp. 3-4
  2. 2.0 2.1 Paulsson (February 26, 2019). "Radiocarbon dates and Bayesian modeling support maritime diffusion model for megaliths in Europe". PNAS 116 (9): 3460–3465. doi:10.1073/pnas.1813268116. PMID 30808740. Bibcode2019PNAS..116.3460S. 
  3. Grossman (February 12, 2019). “Stonehenge Might Have Its Roots with Ancient Sailors from France”. Popular Mechanics.
  4. Annick Jacq. “Carnac”. Bretagne-celtic.com. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2012-02-04. Dáta rochtana: 2009-05-05.
  5. Murphy (1997), p.27
  6. Le circuit des Mégalithes”.
  7. Lacam de Peyrarines”. The Megalithic Portal.
  8. Senescau Cromlech”. The Megalithic Portal.
  9. Cromlech - Regione Autonoma Valle d'Aosta”. www.regione.vda.it.
  10. Jan Albert Bakker (2010). "Megalithic Research in the Netherlands, 1547-1911: From "giant's Beds" and "pillars of Hercules" to Accurate Investigations". Sidestone Press. ISBN 978-90-8890-034-1. 
  11. Hussein Mohamed Adam (1992). "The Proceedings of the First International Congress of Somali Studies – Somali Studies International Association": 37, 40. Scholars Press. ISBN 0891306587. Dáta rochtana: 9 November 2014.