Liagchiorcal

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Ciorcal cloch)
Liagchiorcal

Is leacht den galláin é an Liagchiorcal. Fáinní ciorclacha (nó gar do bheith ciorclach) cloch mór ina seasamh, a fhaightear in Éirinn is an Bhreatain, ón Aois Neoiliteach dhéanach nó an Chré-Aois luath, len chuid is mó ó timpeall 3000 RCh. Timpeall 900 díobh ann fós, cuid acu suas le 400m (1312 troigh) ar trastomhas. Tá a leithéid sa Ghaimbia agus sa tSeineagáil chomh maith. Meastar gur fheidhmigh siad mar theampaill ina ndéantaí eachtraí spéartha, gabháil thart na séasúr, torthúlacht na talún is na ndaoine, agus éachtaí eile a chomóradh.

Liagchiorcal in Swinside, Sasana

Meastar gur fheidhmigh siad mar theampaill ina ndéantaí eachtraí spéartha, gabháil thart na séasúr, torthúlacht na talún is na ndaoine, agus éachtaí eile a chomóradh. Bhí lán obair comhchoiteann go dhíth chun iad a thógail[1], agus is comhartha é sin go raibh cuspóir tábhachtach acu.

Sonraí seandálaíochta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá fianaise gur thosaigh an tógáil meigiliteach san iarthuaisceart na Fraince thart 5000 RCh[2], agus leath an nós agus na teicnící trí bealaí farraigí ar fud na hEoraip agus réigiún na Meánmhara[2][3]. Rinneadh na Clocha Carnac sa Fhrainc thart 4500 RCh[4].

Tá liagchiorcail le feiceáil ar fud na hÉireann, ach tá siad níos dlúithe i gCorcaigh, Ciarraí, agus lár-Ulaid.

"Harrespil" a tugtar iad sa Tír na mBascach.

Fuarthas roinnt liagchiorcal san tSomáil freisin, san suíomh Booco[5].

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Richards, Colin. Building the Great Stone Circles of the North. Windgather Press, 2013. pp. 3-4
  2. 2.0 2.1 "Radiocarbon dates and Bayesian modeling support maritime diffusion model for megaliths in Europe" (February 26, 2019). PNAS 116 (9): 3460–3465. doi:10.1073/pnas.1813268116. PMID 30808740. 
  3. "Stonehenge Might Have Its Roots with Ancient Sailors from France".
  4. "Carnac". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2012-02-04.
  5. "The Proceedings of the First International Congress of Somali Studies" (1992): 37 & 40. Scholars Press. 

Léigh freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]