Geoiceimic

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Brainse den gheolaíocht a phléann le líonmhaireacht na ndúl is a n-iseatóp sa Domhan agus na próisis a chinneann a ndáileadh. Tagann na próisis cheimiceacha in éabhlóid an Domhain is an Ghrianchórais san áireamh. Bíonn feidhmeanna trádálacha i gceist, sirtheoireacht gheoiceimiceach ina measc, chun acmhainní mianach folaithe a bhrath trí anailís cheimiceach ar ithreacha, moirteanna is uiscí sruthán.