Geimhriú

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Straitéis ag mamaigh is ainmhithe áirithe, tréimhse fhuar an gheimhridh a chaitheamh i staid mharbhánta nó shuaimhneach. Laghdaítear an mheitibileacht agus téann an t-ainmhí i gcodladh domhain, ag maireachtáil ar chistí bia atá stóráilte ina cholainn i rith an tsamhraidh roimhe sin. Tugtar samhrú ar straitéis den saghas céanna chun maireachtáil trí shamhradh te tirim.