Gáma-ghlóbailin
Cuma
(Athsheolta ó Gamma Globulin)
Is éard is gáma-ghlóbailiní[1] ann ná próitéiní ar leith a iompraíonn antasubstaintí na fola. Táirgeann cealla plasma na mB-limficítí (a thagann ón smior) iad. Tugtar imdhíonaglóbailiní G (IgG) orthu freisin. Comhcheanglaíonn siad le hantaiginí cosúil le víris is seadáin ar bhealaí éagsúla, méadú sna próisis athlastacha san áireamh. Bíonn an naíonán nuabheirthe cosanta ag gáma-ghlóbailiní a bhfaightear cuid bheag díobh óna mháthair, cuid ón bplacaint, agus an chuid is mó ó chéadbhainne (maothal) na máthar. Aonraítear iad as séiream fuil téarnamhaigh is an slánadh iarbhreithe, agus úsáidtear mar chóir leighis i gcoinne na bruitíní, an pholaimiailítis, na heipitéise tógálaí, is galar tógálach eile.[2]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ ““gáma-ghlóbailin” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-01-14.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Gáma-ghlóbailiní". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 304.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |