Gabhlóg thiúnta

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Gabhlóg tiúnta)

Gléas ceoil shimplí, barra miotail i bhfoirm gabhlóige. Cheap an trumpadóir Sasanach John Shore (c 1662-1752) í i 1711. Buailtear í len í a chur ag athshonadh ag a nóta ar leith féin, agus cuirtear an lárphointe i dteagmháil le dromchla adhmadach, mar shampla, rud a dhéanann nóta saor ó armónaigh is féidir a aireachtáil ar fud seomra mhóir. Úsáidtear í chun gur féidir le hamhránaithe is seinnteoirí a n-airde a oiriúnú i leith airde na gabhlóige tiúnta.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Gabhlóg tiúnta". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 298.