Gabhlóg thiúnta
Appearance
Gléas ceoil shimplí, barra miotail i bhfoirm gabhlóige. Cheap an trumpadóir Sasanach John Shore (c 1662-1752) í i 1711. Buailtear í len í a chur ag athshonadh ag a nóta ar leith féin, agus cuirtear an lárphointe i dteagmháil le dromchla adhmadach, mar shampla, rud a dhéanann nóta saor ó armónaigh is féidir a aireachtáil ar fud seomra mhóir. Úsáidtear í chun gur féidir le hamhránaithe is seinnteoirí a n-airde a oiriúnú i leith airde na gabhlóige tiúnta.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Gabhlóg tiúnta". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 298.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |