Gníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta
| Sonraí | |
|---|---|
| Cineál | gníomhaireacht rialtais |
| Rialachas corparáideach | |
| Ceanncheathrú | |
| Eile | |
| Uimhir teileafón | +353 1 238 4000 |
| Suíomh gréasáin | ntma.ie |
Is é Gníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta (GBCN)[1] atá freagrach as fiacha náisiúnta na tíre. Cuireann GBCN réimse seirbhísí bainistíochta sócmhainní agus dliteanas poiblí ar fáil don Rialtas.[2] Áirítear orthu sin:
- Maoiniú agus Bainistiú Fiachais
- An Ghníomhaireacht um Éilimh ar an Stát
- Corparáid Éireannach um Réiteach Banc
- An Ciste Infheistíochta Straitéisí d’Éirinn[3]
- An Ghníomhaireacht Airgeadais d’Fhorbairt Náisiúnta
- An Ciste Carbóin
srl

Scannal
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sa bhliain 2025 goideadh €5m ón GBCN i ndiaidh do chiste infheistíochta dá chuid íocaíocht airgeadaíochta a dhéanamh le 3ú páirtí a lig air féin gur comhlacht infheistiúcháin a bhí ann. Bhí íocaíocht dhleathach faighte ag an gcomhlacht céanna roimhe seo. Cuireadh na gardaí ar an eolas faoin scéal a luaithe is a tuigeadh an chalaois. Ag preasagallamh dúirt an tAire Airgeadais Paschal Donohoe gur díol aiféala gach ar tharla agus nach minic lena leithid tarlú.[4][5]
Gaeilge
[cuir in eagar | athraigh foinse]D’iarr an tAire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta ar GBCN Dréacht-Scéim Teanga a ullmhú faoi Alt 11 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Is é aidhm na Scéime úsáid na Gaeilge a fhorbairt ar fud GBCN, ag díriú go háirithe ar réimsí cumarsáide leis an bpobal.[6]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Future Ireland Fund
- Ciste Bonneagar, Aeráide agus Nádúir
- Ciste Infheistíochta Straitéisí d’Éirinn[3]
- Corparáid Éireannach um Réiteach Banc
- Banc Angla-Éireannach
- Géarchéim airgeadais 2007-2008
- Comhairle Chomhairleach Bhuiséadach na hÉireann
- Creidmheasanna agus fritháireamh carbóin
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ i mBéarla, an National Treasury Management Agency (NTMA)
- ↑ "Eolas" (en). NTMA. Dáta rochtana: 2023-12-22.
- ↑ 3.0 3.1 "An Ciste Infheistíochta Straitéisí d’Éirinn" (en). NTMA. Dáta rochtana: 2025-07-14.
- ↑ "NTMA ‘will look hard’ at its systems and protocols after €5m fraud" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2025-07-14.
- ↑ Nuacht RTÉ (2025-07-14). "Donohue díomách ach muiníneach i gcónaí i mbainistíocht NTMA" (ga-IE). RTE.ie. Dáta rochtana: 2025-07-14.
- ↑ "Preasráiteas" (en). NTMA. Dáta rochtana: 2023-12-22.